Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 9:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 An é nach n‑agróidh mise na nithe seo orthu? - is é an Tiarna a labhraíonn - an é nach ndéanfaidh mise díoltas ar a leithéid seo de náisiún?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 ¶ Nach ccuáirteocha misi íad uime so? a deir an TIGHEARNA: nach biáidh manam cúiteach ré na leithéid so do chineadh?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 9:9
12 Tagairtí Cros  

Ar an ábhar sin, is í seo fáistine Thiarna Dia na Slua, Neach Láidir Iosrael: “Ha! beidh an ceann is fearr agam ar mo chéilí comhraic, bainfidh mé sásamh as mo naimhde.


Cad a dhéanfaidh sibh lá na hanachana nuair a thiocfaidh an tubaiste ó chríoch i gcéin? Cé chuige a rithfidh sibh ar lorg cabhrach? Cá bhfágfaidh sibh bhur saibhreas in bhur ndiaidh?


Clocha snoite na n‑altán, sin iad do chuibhreann, is iad, is iad do chuid. Ar a son siúd a dhoirteann tú deochanna ofrála, chucusan a thugann tú ofrálacha bia. An bhfuil sásamh le fáil agam ina leithéid?


Rinneadh aonaránach í, áit uaigneach i mo shúile. Rinneadh fásach den dúiche ar fad, agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí.


(Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.) De bhrí go n‑abrann siad: “Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”


D'amharc mé, agus, féach, ní raibh duine ann, agus theith éanlaith uile an aeir.


An é nach gcaithfidh mé nithe dá shórt a chúiteamh leo - an Tiarna a labhraíonn - ná mo dhíoltas a agairt ar a leithéid seo de náisiún?”


An é nach smachtóidh mise iad mar gheall ar na nithe sin - an Tiarna a labhraíonn - nach n‑agróidh mise mo dhíoltas ar a leithéid seo de náisiún?


Dá dheasca sin triomóidh an tír agus meathlóidh a gcónaíonn inti, mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir; agus fiú amháin éisc na farraige féin, rachaidh siad i léig.


Is ortsa a ghlaoim, a Thiarna, mar tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh agus tá lasair tar éis crainn uile na tíre a dhó.


Éist leis an oracal seo a fhógraím i d'aghaidh; is caoineadh é, a theach Iosrael:


Tá an mhaighdean Iosrael ar lár, ní éireoidh sí níos mó; óir tá sí tréigthe ar a talamh féin agus gan aon duine lena tógáil aníos.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí