Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 9:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha, agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh; óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann, ní chluintear níos mó géimneach na dtréad. Éanlaith an aeir agus na beithígh, theith siad araon, níl siad ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Ar na sléibhtibh tóigfiod súas golgháir agus gúbha, agus ar son áitreabhthacha a nfásuigh caóineadh, do bhrígh go bhfuilid loisge, iondus nach féidir dáon gabháil thársa, agus nach ccluinid gúth na háirnéisi; do theith araon éunlaith a naiéir agus an beathach; atáid ar nimtheacht.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 9:10
30 Tagairtí Cros  

Seo, tá mé chun cliath buailte a dhéanamh díot, é úrnua agus dhá chíor fiacal ann. Buailfidh tú agus meilfidh tú na sléibhte, déanfaidh tú lóchán mín de na cnoic.


Óir na ceantair bhánaithe chreachta sin agat, agus do dhúiche shladta go léir - róchúng a bheidh tú feasta do do lucht áitrithe, agus beidh an dream a thug aghaidh a gcraois ort i bhfad i gcéin.


Scrios iomad tréadaithe mo gharraí fíniúna, shatail siad faoi chois mo chomhroinn, rinne siad m'oidhreacht shólásach ina fásach aonraic.


Rinneadh aonaránach í, áit uaigneach i mo shúile. Rinneadh fásach den dúiche ar fad, agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí.


(Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.) De bhrí go n‑abrann siad: “Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”


Tá saothar anála ar na hasail fhiáine ina seasamh dóibh ar na cnocáin loma, mar a bheadh seacáil ann; éiríonn a súile dallta d'uireasa féir.”


Bhúir na leoin air, thógadar a nguth in ard a gcinn. Rinneadar fásach dá dhúiche; tá a bhailte dóite, gan áitritheoirí.


Ní dúirt siad riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna, a thug aníos sinn as tír na hÉigipte, a threoraigh sinn tríd an bhfiántas, trí fhearann lom fásaigh, tír thriomaigh dhorcha, tír nach siúlann aon taistealaí agus nach bhfuil cónaí duine ann?’


(Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.) “Chun olc a dhéanamh tá siad mear agus is é an mícheart a neart.


Óir tá cine ag teacht ina haghaidh ón tuaisceart, a dhéanfaidh a tír ina fásach; ní bheidh cónaí ag duine ann feasta; thug siad as, idir dhuine agus bheithíoch, tá siad imithe.


Gearr díot do thrilse, caith uait iad. Tóg suas caoineadh ar na harda loma. Óir tharcaisnigh an Tiarna, thréig sé, ál a fhuathaíonn sé.’


Tá dólás orm, titeann mo chroí ionam.


Sin an fáth a mbím ag caoi agus ag sileadh na súl go fuíoch Óir, is fada uaim aon sólásaí a mhúsclódh mo mheanma arís. Tá mo chlann mhac treascartha tréigthe mar is é an namhaid a rug an bua.


Tá mo shúile tnáite le caoineadh agus a bhfuil istigh ionam corraithe cráite; tá mo chroí á reabadh le brón mar gheall ar léirscrios mo phobail ionúin; óir tá naíonáin agus leanaí cíche ag snoí i gcearnóga na cathrach.


toisc go bhfuil Sliabh Shíón treascartha tréigthe agus go mbíonn seacáil ag smúrthacht thart ann.


Dá scaoilfinn ainmhithe allta ar fud na tíre agus go gcreachfaidís agus go mbánóidís é ionas nach mbeadh sé intaistil mar gheall ar na hainmhithe;


“A mhic an duine, caoin an Tuír.


Ní rachaidh cos duine tríd, ní mó a rachaidh crúb beithígh tríd; fágfar é gan cónaí ann go ceann daichead bliain.


Bánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír, agus coiscfidh mé a cumhacht mórchúiseach. Beidh sléibhte Iosrael chomh bánaithe sin nach rachaidh aon duine tríothu arís.


Cibé áit a mbeidh cónaí oraibh bánófar bhur gcathracha agus scriosfar bhur n‑áiteanna arda ionas go mbeidh bhur n‑altóirí bánta [millte], bhur n‑íola briste scriosta, bhur scrínte túise réabtha agus bhur n‑oibreacha curtha ar ceal.


Dá dheasca sin triomóidh an tír agus meathlóidh a gcónaíonn inti, mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir; agus fiú amháin éisc na farraige féin, rachaidh siad i léig.


Cuirigí sacéadach oraibh, a shagarta, agus canaigí caoineadh! Déanaigí olagón, a lucht friotháilte na haltóra! Téanaigí, caithigí an oíche i sacéadach, a fhriothálaithe mo Dhé, mar tá an ofráil arbhair agus an íobairt dí díbeartha as teach bhur nDé.


Is ortsa a ghlaoim, a Thiarna, mar tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh agus tá lasair tar éis crainn uile na tíre a dhó.


Éist leis an oracal seo a fhógraím i d'aghaidh; is caoineadh é, a theach Iosrael:


Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, an Tiarna: Beidh caoineadh i ngach cearnóg baile agus mairgneach i ngach sráid: “Ochón, ochón.” Glaofaidh siad na feirmeoirí chun mairgní agus an t‑aos caointe chun olagóin,


An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo: “Táimid scriosta go hiomlán; tá fearann mo phobail á thomhas le dorú agus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo; tá ár gcuid talún á roinnt amach.”


Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíón agus fothrach de Iarúsailéim agus ardán crannach de Shliabh an Teampaill mar gheall oraibhse.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí