Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 9:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Uime sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Féach, dearbhóidh mé anois iad sa soitheach leáite - nó céard eile a dhéanfaidh mé, mar gheall ar a n‑olcas?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Uimesin is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Féuch, leagfa mé íad, agus dearbhocha mé íad; óir cred dhéanas mé ar son inghine mo dhaóine?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 9:7
22 Tagairtí Cros  

Lean Aibseálóm air: “Mura dtiocfaidh tusa, lig do mo dheartháir Amnón dul linn ar a laghad.” “Cén fáth,” arsa an rí leis, “a rachadh seisean leat?”


An Tiarna, Dia a n‑aithreacha, chuir sé teachtairí chucu gan stad gan staonadh mar go raibh trua aige dá phobal agus dá áit lonnaithe.


Saigheada géara an churaidh chalma, agus sméaróidí dearga.


Is sleamhaine a bhriathra ná im, ach tá cogadh ina chroí. Is boige a bhriathra ná ola, ach is claímhte arna nochtadh iad.


Beartaíonn siad ar mo leagan ar lár; is áil leo an t‑éitheach. Bíonn an bheannacht ina mbéal de shíor agus an mhallacht ina gcroí. Selah


Iompóidh mé mo lámh i do choinne, glanfaidh mé an tsal asat san fhoirnéis, agus tógfaidh mé uait an drochmhianach ar fad.


Is amhlaidh a chuir mé an tine leat, ar nós airgid; chuir mé féachaint ort i bhfoirnéis na buartha.


Óir tá bhur lámha truaillithe le fuil agus bhur méara le cionta. Tá an bhréag ar bhur mbeola agus monabhar an éigirt ar bhur dteanga.


An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin? An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh, nach bhfuil uair dá mbagraím air nach ag cuimhneamh air a bhím, nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon, go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh? Is é an Tiarna a labhraíonn.


Gabh anonn agus anall trí shráideanna Iarúsailéim, féach anois, agus bíodh a fhios agat, cuardaigh a cearnóga; má éiríonn leat fear a fháil, oiread agus fear a dhéanann an ceart agus a iarrann an fhírinne, tabharfaidh mise ansin maithiúnas di, [a deir an Tiarna].


Cheap mé thú i do mheisiúnóir ar mo phobal, le go mbeadh a fhios agat agus go meisiúnófá a n‑iompar.


Éistigí le briathar an Tiarna, a chlann Iosrael, mar tá an Tiarna in aighneas dlí le háitritheoirí na tíre. Óir níl aon dílse ná muintearas ná aithne ar Dhia sa tír,


Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”


Suífidh sé síos mar athleádóir, agus mar ghlantóir airgid, agus glanfaidh sé clann mhac Léiví agus athleáfaidh sé iad mar ór nó mar airgead sa chaoi go mbeidh a dhíol d'íobróirí iontu ag an Tiarna.


d'fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór - rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é - ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost.


A chairde cléibh, ná bíodh iontas oraibh nuair a chuirtear triail thine oraibh, le sibh a thástáil, amhail is go raibh rud éigin aisteach ag tarlú daoibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí