Chuir a bhfaca siad anbhá agus alltacht orthu; rinneadh stangairí díobh le neart mearbhaill.
Irimia 30:6 - An Bíobla Naofa 1981 Fiafraígí anois, meabhraígí: an mbíonn fir ag breith clainne? Cad chuige a bhfeicim gach fear mar sin agus a lámha ar a leasracha mar bheadh bean in íona? Cad chuige ar tháinig dath bán ar gach aghaidh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Fíatruidhsi a nois, agus féuchuidh an mbí fear ré niodhnuibh? cred fa bhfaicim gach áonduine agus a lámha air a leasrach mar do bhíadh bean ré niodhnuibh, agus gur filleadh na huile aighthe a mbáin‐lithe? |
Chuir a bhfaca siad anbhá agus alltacht orthu; rinneadh stangairí díobh le neart mearbhaill.
Is uime sin atá mo chorróga ar bhall amháin creatha; fuair na freanga greim orm, mar bheadh freanga mná seolta; tá mé róbhuartha le cloisint, róscanraithe le feiceáil.
Dá thairbhe sin, is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia theaghlach Iacóib, an té a rinne Abrahám a fhuascailt: “Ní bheidh náire ar Iacób feasta, ní bheidh sé bán san aghaidh níos mó,
Céard a déarfaidh tú nuair a thiocfaidh siad anuas ort mar bhuaiteoirí, an dream a mhúin tú féin a bheith mar chairde agat? Nach mbéarfaidh doilíos ort fearacht mná i dtinneas clainne?
Tusa a rinne cónaí sa Liobáin, a neadaigh i measc na gcéadar, cé mar a dhéanfaidh tú cneadach nuair a thiocfaidh na doitheacha ort, an phian amhail bean in íona.”
Cluinimse an screadaíl a dhéanfadh bean ag druidim le clann, íona na mná a bheireann a céad leanbh; is é screadaíl iníon Shíón é, a croí ina béal aici, a lámha uaithi amach: “Uch, a thrua mise! i gceartlár lucht marfa.”
Tógfar i láimh na bailte, beidh seilbh ar na háiteanna daingne. (“Agus beidh croí na bhfear cogaidh an lá sin i Móáb mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.)
Seo é an té a bhíonn ag eitilt agus ag foluain ar nós iolair, a leathnóidh a sciatháin os cionn Bhozrá. Agus beidh croí fhir chogaidh Eadóm an lá sin mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.”
Tá an Damaisc gan mhisneach, ullmhaíonn sí chun teitheadh, tá sí ar crith, (gabhann dobrón agus doilíos í mar a bheadh bean in íona).
Ach tá a scéala siúd cloiste ag rí na Bablóine; titeann a lámha go faonlag; rug doigh greim air, pian mar a bheadh ar bhean in íona.
Chualamar an scéala; titeann ár lámha go faonlag, rug doigh greim orainn, pian mar a bheadh ag bean le híona.
Tá tinneas clainne ag tosú di, ach is páiste díchéillí í; mar cé go bhfuil ionú a breithe ann, ní thagann sí go béal na broinne.
“Sladaigí an t‑airgead! Sladaigí an t‑ór!” Tá saibhreas gan áireamh ann, flúirse den uile shaghas maoine.
Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.