mar gur thréig sé mé agus gur thug sé ómós d'Aisteárat bandia na Síodónach, agus do Chamóis dia Mhóáb, agus do Mhiolcom dia na nAmónach; níor lean sé mo bhealaí, agus an ceart a dhéanamh i mo láthair, ná mo dhlíthe ná mo reachtarnna a chomhlíonadh mar a rinne Dáiví a athair.
Ach dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias an Tisbíoch: “Bí i do shuí agus imigh i gcoinne teachtairí rí na Samáire, agus abair leo: ‘An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil sibh ag dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón?’
Nár dhíbir sibh sagairt an Tiarna, sliocht Árón agus na Léivítigh, d'fhonn sagairt a dhéanamh daoibh féin dála muintir thíortha eile? Aon duine a thagann le tarbh agus le seacht reithe le hé féin a choisreacan, déantar sagart de do dhia nach dia ar bith!
Seo mar a deir an Tiarna: “Cén t‑easnamh a bhraith bhur n‑aithreacha ormsa a thug orthu mise a thréigean? Shiúladar ar lorg díomhaointis, agus rinneadh díomhaoin iad.
Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’ Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé. D'éirigh na tréadaithe amach i m'aghaidh; rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál, ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.
“Cad chuige go maithfinn duit é? Thréig do chlann mhac mé, agus mhionnaigh siad i ndéithe nach déithe iad in aon chor. Choinnigh mé bia leo, agus ghabh siad le hadhaltranas. Ghnáthaigh siad tithe na meirdreach.
Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go bhfuil sibh níos ceannaircí ná na ciníocha máguaird, nár shiúil sibh de réir mo reachtanna agus nár chomhlíon sibh mo dheasghnátha, ach gur bheartaigh sibh de réir deasghnátha na gciníocha máguaird;
Spreagadar chun formaid mé le ní nach Dia; ghriogadar mé lena n‑íola. Cuirfidh mise iadsan in éad le dream nach pobal, Cuirfidh mé fearg orthu trí chine gan stuaim.
Nach méanar duit, a Iosrael! Cé tá mar thú, pobal a d'fhuascail an Tiarna, an té is sciath do dhídine, agus claíomh do bhua. Tiocfaidh do naimhde ag lútáil ort, ach siúlfaidh tusa ar a ndroim.
Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n‑iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n‑aithreacha,