Irimia 5:7 - An Bíobla Naofa 19817 “Cad chuige go maithfinn duit é? Thréig do chlann mhac mé, agus mhionnaigh siad i ndéithe nach déithe iad in aon chor. Choinnigh mé bia leo, agus ghabh siad le hadhaltranas. Ghnáthaigh siad tithe na meirdreach. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 ¶ Ciondus mhaithfios mé so dhuit? do thréig do chlann mé, agus do mhionnuigheadar san ndroing nach bhfuil na ndeibh: a nuáir do líon mé íad le bíadh, annsin do rinneadar adhaltrannas, agus do chruinnigheadar íad féin iona ndrongaibh go tighthibh na meirdreach. Féach an chaibidil |
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.