Ach d'fhreagair an feidhmeannach, a bhí mar theannta ag an rí, an giolla Dé: “Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir, arbh fhéidir é seo a theacht i gcrích?” “Feicfidh tú é le do shúile cinn,” arsa Eilíseá, “cé nach n‑íosfaidh tú greim de.”
Irimia 17:6 - An Bíobla Naofa 1981 Is cosúil é le grágán tóir san fhásach; má thagann maith ní fheiceann sé í; cuireann sé faoi in áiteanna dóite an fhásaigh, i bhfearann saillte atá gan áitreabh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír biáidh sé cosmhuil ris an bhfráoch annsa bhfasach, agus ní fhaicfidh sé a nuáir thiucfas maith; acht áiteochuidh sé na háite dóite annsa bhfásach, a bhfearann shailte agus gan áitreabh. |
Ach d'fhreagair an feidhmeannach, a bhí mar theannta ag an rí, an giolla Dé: “Fiú dá ndéanfadh an Tiarna fuinneoga sa spéir, arbh fhéidir é seo a theacht i gcrích?” “Feicfidh tú é le do shúile cinn,” arsa Eilíseá, “cé nach n‑íosfaidh tú greim de.”
Óir beidh sibh cosúil le teiribint a bhfuil a duilliúr feoite agus le gairdín nach bhfuil uisce leis níos mó.
ar an ábhar sin - a deir an Tiarna - gearrfaidh mé pionós ar Sheamaiá ó Nihealám agus ar a shliocht ina dhiaidh; fireannach amháin dá chlann ní mhairfidh beo i measc na ndaoine seo le go bhfeicfeadh an mhaith a dhéanfaidh mé ar mo phobal - an Tiarna a labhraíonn - de bhrí gur theagaisc sé iompú ón Tiarna.’ ”
‘Imígí! Teithigí le bhur n‑anamacha! Rithigí ar nós na n‑asal bhfiáin san fhásach!’
Ar an ábhar sin,” a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, “dar mo bheo ach beidh Móáb mar Shodom agus clann Amón mar Ghomorá - dúiche lán neantóg, carn salainn, díthreabh go deo. Creachfaidh fuílleach mo phobail iad agus glacfaidh iarmhar mo náisiúin seilbh orthu.”
agus liúfaidh siad: ‘Ruibh agus salann agus loscadh críche ar an bhfearann go léir! É gan cur gan toradh, gan féar ag fás go deo arís air! É millte mar Shodom agus Gomorá, Admá agus Zabóím, áiteanna a scrios an Tiarna le barr feirge agus díoltais.’
Chaith Aibímeilic an lá sin go léir ag ionsaí na cathrach; ghabh sé í de ruathar, mharaigh a raibh inti, scartáil an chathair ó bhonn agus chuir salann mar shíol inti.