Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 48:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 ‘Imígí! Teithigí le bhur n‑anamacha! Rithigí ar nós na n‑asal bhfiáin san fhásach!’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Teithidh, sábháluigh bhur nanmanna, agus bíthí cosmhuil ris an bhfráoch ann sa bhfasach.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 48:6
10 Tagairtí Cros  

Á dtreorú amach dóibh dúirt sé: “Rith le d'anam! Ná féach i do dhiaidh agus ná stad in aon áit sa mhachaire. Teith chun na gcnoc le heagla do bhasctha.”


Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví. Leis an Tiarna a fuair mé dídean; cén chaoi a déarfaidh sibh le m'anam: “Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.”


Is cosúil é le grágán tóir san fhásach; má thagann maith ní fheiceann sé í; cuireann sé faoi in áiteanna dóite an fhásaigh, i bhfearann saillte atá gan áitreabh.


Téigí amach as an mBablóin (sábháileadh an uile dhuine a anam); ná cailltear sibh féin ina tubaiste, óir is í seo uair dhíoltas an Tiarna. Tá sé ag cúiteamh a luaíochta léi.


Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht?


Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí