Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Zafainiá 2:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Ar an ábhar sin,” a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, “dar mo bheo ach beidh Móáb mar Shodom agus clann Amón mar Ghomorá - dúiche lán neantóg, carn salainn, díthreabh go deo. Creachfaidh fuílleach mo phobail iad agus glacfaidh iarmhar mo náisiúin seilbh orthu.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Uimesin fa mar mhairim, a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel, Go deimhin biaidh Móab mar Shodom, agus clann Ammon mar Ghomorrah, eadhon na mathair neantog, agus na poll salumn, agus na háonranachd shiórruidhe: millfidh íardhráoi mo dhaóine íad, agus sealbhochuid íarsma mo dhaóine íad.

Féach an chaibidil Cóip




Zafainiá 2:9
27 Tagairtí Cros  

Tabharfaidh siad ruathar siar ar shleasa na bhFilistíneach, i gcuideachta a chéile déanfaidh siad slad ar chlann an Oirthir; beidh Eadóm agus Móáb faoina gceannas agus clann Amón ag géilleadh dóibh.


óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo. Tá Móáb á shatailt síos ina áit féin, mar a shatlaítear cochán síos i gclais aoiligh;


Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall uait: tá siad siúd go léir ag cruinniú agus ag déanamh ort. Ar mo bheo - is é an Tiarna atá á mhionnú - seoda is ea iad le tú féin a mhaisiú, le cur ort ar nós feisteas brídeoige!


Mar a mhairimse - a deir an rí darb ainm Tiarna na Slua - Go deimhin mar atá Tábór i measc na sléibhte agus Cairmeil os cionn na farraige, is mar sin a thiocfaidh sé.


I dtaobh Mhóáb: Is mar seo a deir an Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Is mairg do Neabó, óir tá sé airgthe; gabhadh Ciriataím, níl istigh ann ach mearbhall agus scéin.


I dtaobh chlann mhac Amón. Is mar seo a deir an Tiarna: “Nach bhfuil mic ar bith ag Iosrael? Nach bhfuil oidhre ar bith aige? Cad chuige a bhfuil Miolcom ina oidhre ar Ghád agus a gcónaíonn a mhuintir siúd ina bhailte?


Amhail mar a bhí i scrios Shodom agus Ghomorá, agus sna bailte timpeall ní fhanfaidh duine ann níos mó, ní dhéanfaidh aon fhear cónaí ann go deo, a deir an Tiarna.


Beidh Hazór ina bhrocais seacál, ina fhásach go brách, ní fhanfaidh aon duine ann níos mó, ní dhéanfaidh mac duine cónaí ann arís go brách.”


Díreach mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá, mar aon leis na bailte comharsan - an Tiarna a labhraíonn - ní fhanfaidh duine ann níos mó, ní dhéanfaidh aon fhear cónaí inti arís go brách.”


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca chlann Amón, in éiric a gceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur scoilt siad mná Ghileád a bhí ag iompar clainne ionas go leathnóidís a gcríocha féin,


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Mhóáb, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí go ndearna sé luaith de chnámha rí Eadóm,


Agus luífidh síos ina lár tréada de gach saghas ainmhithe; agus fiú amháin an cág agus an t‑ulchabhán, déanfaidh siad fara dá coirnisí san oíche. Cloisfear a nglaonna ar an bhfuinneog agus grágaíl an fhéich dhuibh ar an tairseach. Óir, tá an obair chéadrais millte.


Agus beidh cósta na farraige ag fuílleach theaghlach Iúdá; san áit sin cuirfidh siad a dtréada ar féarach; rachaidh siad chun suain um thráthnóna i dtithe Aiscileon, Óir, déanfaidh an Tiarna, a nDia, cúram díobh agus rathóidh sé iad arís.


Ní dhéanfaidh siad aon éigeart, ní mó ná a inseoidh siad bréaga, agus ní bhfaighfear teanga chealgach ina mbéal. Is ea, iníorfaidh siad agus ligfidh siad a scíth, agus ní chuirfidh aon duine isteach orthu feasta.”


Féach, táim ag bagairt mo dhoirn ina n‑aghaidh, agus déanfaidh a gcuid sclábhaithe slad orthu. Beidh a fhios agaibhse ansin gurbh é Tiarna na Slua a chuir uaidh mé.


Ach, dar mo bheo agus dar glóir an Tiarna a líonann an domhan uile,


mar tá scríofa: “Dar mo bheo,” a deir an Tiarna, “ach go bhfeacfar gach glúin os mo chomhair agus déanfaidh gach teanga admháil do Dhia.”


“An ghlúin le teacht, an chlann a éiríonn suas in bhur ndiaidh, agus an coimhthíoch a thagann ón imigéin, feicfidh siad plánna na tíre úd agus na galair a leagfaidh an Tiarna air,


agus liúfaidh siad: ‘Ruibh agus salann agus loscadh críche ar an bhfearann go léir! É gan cur gan toradh, gan féar ag fás go deo arís air! É millte mar Shodom agus Gomorá, Admá agus Zabóím, áiteanna a scrios an Tiarna le barr feirge agus díoltais.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí