Chuaigh sé as sin go dtí sliabh soir ó Bhéitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth agus Béitéil laistiar dó agus Háí lastoir. Rinne sé altóir don Tiarna ansin ansiúd agus ghair sé ar ainm an Tiarna.
Iósua 7:2 - An Bíobla Naofa 1981 Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: “Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.” Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do chuir Iosua daóine ó Iericho go Hai, noch atá ré táobh Bhet‐abhen, táobh shoir do Bhetel, agus do labhair riú, dhá rádh, Eirgidhe súas agus braithidh an tír. Agus do chúadar na daóine súas agus do bhrathadar Ai. |
Chuaigh sé as sin go dtí sliabh soir ó Bhéitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth agus Béitéil laistiar dó agus Háí lastoir. Rinne sé altóir don Tiarna ansin ansiúd agus ghair sé ar ainm an Tiarna.
Chuir cuid de shliocht Bhiniáimin fúthu i nGeba, i Micmeas, in Avá, i mBéitéil agus ina shráidbhailte,
Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile; agus fear cath le treoir chiallmhar.
tá sé ag teacht thar Áiat, ag dul trasna Mhigreon; i Micmeás tá a scuaine iompair fágtha i loc aige.
Uaill, a Heisbeón! [Tá an scriosadóir chugat.] Golaigí os ard, a iníonacha Rabá! Gabhaigí sibh féin i sacéadach, caoinigí in ard bhur gcinn, siúlaigí síos suas agus [bhur gcolainn scortha]. Óir tá Miolcom ag dul ar deoraíocht, mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.
Ach seachainse an mbeifeá féin ciontach, a Iosrael! Ná himígí go dtí Gilgeál, ná gabhaigí suas chun Béit Ávan, ná mionnaigí dar an Tiarna beo.
“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.
Bígí cúramach faoi bhur gcuid iompair, dá bhrí sin, agus gan a bheith ar nós daoine gan chiall ach ar nós daoine ciallmhara
Ar an taobh thuaidh, thosaigh a dteorainn ag an Iordáin, ghabh suas gualainn thuaidh Ireachó, siar in airde trí na hardáin agus stad ag fásach Bhéit Ávan.
Sheol Iósua mac Nún beirt fhear faoi choim ó Shitim mar spiairí á rá leo: “Ar aghaidh libh, breathnaígí an dúiche, go háirithe Ireachó.” Ar aghaidh leo agus chuadar isteach i dteach striapaí darbh ainm Rácháb, agus chuireadar fúthu ann.
D'fhilleadar ar Iósua agus dúradar leis: “Ná téadh an mhuintir ar fad suas, ach déanadh dhá mhíle nó trí ionsaí ar Háí. Ná cuir ualach an tsaothair sin ar an bpobal ar fad; ní mór díobh siúd ann.”
Thionóil na Filistínigh tríocha míle carbad, sé mhíle marcach, agus slua chomh líonmhar le gaineamh na trá chun troda in aghaidh Iosrael. Thángadar aníos agus shuíodar a gcampa i Micmeáis lastoir de Bhéit Ávan.
D'fhuascail an Tiarna Iosrael an lá sin agus ghabh an troid anonn thar Bhéit [Horón].