Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 49:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Uaill, a Heisbeón! [Tá an scriosadóir chugat.] Golaigí os ard, a iníonacha Rabá! Gabhaigí sibh féin i sacéadach, caoinigí in ard bhur gcinn, siúlaigí síos suas agus [bhur gcolainn scortha]. Óir tá Miolcom ag dul ar deoraíocht, mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Núall, a Hesbon, óir do creachadh Ai: éighidh, a ingheana Rabbah, gabhaidh sibh féin a saicéadach; cáoidhigh, agus riothuidh síos agus súas láimh ris na sáltuibh; óir rachaidh a rígh a mbraighdionas, a shagairt, agus a phrionnsadha a naoinfeacht.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 49:3
28 Tagairtí Cros  

Ar theacht na bliana úire, an t‑am is gnách le ríthe dul ag cogaíocht, chuir Dáiví Ióáb amach agus a sheirbhísigh féin agus pobal Iosrael ar fad in éineacht leis. Rinne siad ár ar na hAmónaigh agus chuir siad Rábá faoi léigear. Ach d'fhan Dáiví in Iarúsailéim.


mar gur thréig sé mé agus gur thug sé ómós d'Aisteárat bandia na Síodónach, agus do Chamóis dia Mhóáb, agus do Mhiolcom dia na nAmónach; níor lean sé mo bhealaí, agus an ceart a dhéanamh i mo láthair, ná mo dhlíthe ná mo reachtarnna a chomhlíonadh mar a rinne Dáiví a athair.


D'éirigh sé ceanúil ar Aisteárat, bandia na Síodónach, agus ar Mhiolcom uafás na nAmónach.


Thruailligh an rí na hardionaid os comhair Iarúsailéim laisteas do Chnoc na nOlóg; Solamh rí Iosrael a thóg iadsan do Aisteartae, gráiniúlacht na Síodónach, do Chamóis gráiniúlacht Mhóáb, agus do Mhiolcom gráiniúlacht na nAmónach.


fir Bhéitéil agus Háí, dhá chéad fiche a trí;


Déanaigí olagón! óir tá sé i ngar, lá an Tiarna; tá sé chugaibh ina léirscrios ó Dhia na n‑uilechumhacht.


Lig uaill sa gheata! Glaoigh ar chabhair sa chathair! Bíodh scéin ort, a Fhilistía go léir! Óir tá namhaid ag triall aduaidh ina dheatach agus fágálach ní bheidh ina chuid cathlán.


Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha;


Dá dheasca sin, tá muintir Mhóáb ag caoineadh Mhóáb. Tá siad go léir ag caoineadh le chéile, i ndiaidh cístí rísín Chír Harasait tá siad ag mairgneach go cráite.


Fáistine i dtaobh na Tuíre. Caoinigí, a longa Thairsís, mar tá bhur longfort scriosta. Ar a mbealach ó thír Chitím is ea chuala siad an scéala.


Tógaigí oraibh go Tairsís siar, a deir siad, bígí ag mairgneach, a mhuintir an chósta.


Crioslaígí sibh féin mar sin le sacéadach, caoinigí agus uailligí, mar níor iompaíodh fearg bhorb an Tiarna ar ais uainn.


Tá sé ráite ag Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Smachtóidh mé anois Amón as Nó (agus Forann) agus an Éigipt agus a déithe agus a ríthe in éineacht le Forann agus iad siúd a chuir a ndóchas ann.


Ní ábhar maíte é ag Móáb a thuilleadh! bheartaigh siad a bhriseadh ag Heisbeon: ‘Tagaigí! gearraimis amach é ó bheith ina chine!’ Gearrfar síos thusa freisin, a Mhadmaen, ní fada uait an claíomh.


Tá Móáb briste agus náirithe. Uailligí agus éimhigí Scairtigí thar Amón anonn gur creachadh Móáb.


Sea, tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg gearrtha, tá scoradh ar na lámha uile, sacéadach ar na leasracha uile.


Sea, ó chuir tú do dhóchas i do dhaingne láidre tógfar thusa freisin i láimh. Rachaidh Camóis i mbraighdeanas mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.


I dtaobh chlann mhac Amón. Is mar seo a deir an Tiarna: “Nach bhfuil mic ar bith ag Iosrael? Nach bhfuil oidhre ar bith aige? Cad chuige a bhfuil Miolcom ina oidhre ar Ghád agus a gcónaíonn a mhuintir siúd ina bhailte?


Thit an Bhablóin go tobann, tá sí briste; nuailligí ar a son! Téigí ar lorg íoca dá créachta; b'fhéidir go ndéanfaí í a leigheas!


Crioslaigh thú féin i sacéadach, ó a iníon mo dhaoine, únfairtigh thú féin i luaithreach, déan olagón mar a dhéanfá ar son aonmhic, caoineadh róghéar. Óir tá an scriosadóir ag teacht go tobann orainn.


agus rachaidh a rí ar deoraíocht, é féin agus a phrionsaí leis, a deir an Tiarna.


iad siúd a shléachtann roimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtithe agus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarna ach a mhionnaíonn dar Miolcom


Féachaigí anseo anois a lucht an tsaibhris, déanaigí gol agus olagón de bharr na dtubaistí atá le teacht sa mhullach oraibh.


Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: “Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.” Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath.


Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat. Beir leat na fir chogaidh go léir agus suas leat go Háí. Seo é rí Háí agus a mhuintir agus a chathair agus a fhearann curtha faoi do láimh agam.


Loisc Iósua Háí agus d'fhág ina fothrach follamh í go brach, mar atá sí inniu féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí