Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 49:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Maíonn tú as do ghleann, a chailín mhístuama! Go teann agus go dána deir tusa: ‘Cé thiocfadh dom ionsaíse?’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Cred fa ngáirdighion tú annsa ghleann, ann do ghleann tuileamhuil, a inghean mhíochoinghiollach? do dhóthchusuigh iona saidhbhrios, ag rádh, Cía thiucfas dom ionnsaidhsi?

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 49:4
18 Tagairtí Cros  

Cén fáth a mbeadh eagla orm lá an oilc agus mioscais lucht ceilge i mo thimpeall -


Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh agus do mhilleadh go deo. Sracfaidh sé as do bhoth amach thú agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú as talamh na mbeo.


Níl san Ádhamhchlann ach puth anála, níl sna huaisle ach bréag; nuair a dhéantar a meá is éadroime iad uile ná an phuth anála féin.


A mhaoin is cathair dhaingean ag an duine saibhir; ach milleann a mbochtaine na bochtáin.


Is libhse a dhéanaim achrann, libhse a d'imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh - an Tiarna a labhraíonn - libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinne agus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean?


“Filligí a chlann mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn - óir is mise amháin bhur máistir. Glacfaidh mé duine as cathair, beirt as clann agus tabharfaidh mé sibh go Síón.


Cá fada a bheidh tú go stadach, a iníon mhídhílis? Óir tá ní nua á chruthú ag an Tiarna ar talamh: Rachaidh an Bhean arís ar lorg a Fir Chéile.”


Sea, ó chuir tú do dhóchas i do dhaingne láidre tógfar thusa freisin i láimh. Rachaidh Camóis i mbraighdeanas mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.


Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.


Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird orm; ach lean siad i gcomhairlí a ndrochchroí féin, dhiúltaigh aghaidh a thabhairt orm ach thug liom a gcúl.


Is mar seo a deir an Tiarna: “Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas!


Go deimhin, tá Iosrael chomh ceanndána le bodóg stailceach! Agus an amhlaidh go gcaithfidh an Tiarna iad a aoireacht anois mar uain i bhfásach féir?


Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.


De réir mar a bhí éirí in airde uirthi agus teaspach, tugaigí di peannaid agus doilíos. Óir is é a deir sí ina croí: ‘Is banríon mé i mo chathaoir; ní baintreach mé ná ní baol dom doilíos a fheiceáil.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí