Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 49:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Ach tabharfaidh mise anuas ort imeagla ó gach taobh; díbreofar chun siúil thú, gach aon fhear ina shlí féin, agus gan aon duine ann chun na teifigh a chruinniú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Féuch, do bhéara mé eagla ort, a deir an TIGHEARNA Día na slógh, ó nuile dhuine dá bhfuil ad thimchioll; agus dibeorthar sibh a nuile dhuine amach go díreach; agus ní chruinneochuidh duine ar bíth an té sheachránas.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 49:5
16 Tagairtí Cros  

Táim ar tí spiorad a chur ann agus cluinfidh sé ráfla agus fillfidh sé ar a thír féin, agus fágfaidh mé ar lár leis an gclaíomh é sa tír sin.’ ”


Tá glórtha bagracha ina chluasa Agus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh.


Teitheann an t‑urchóideach agus gan aon duine sa tóir air; tá an fíréan chomh cróga le leon.


“Tabhair comhairle dúinn, tabhair breith ar ár gcas. Sín amach do scáth mar bheadh coim na hoíche ann i lár an lae ghil. Cuir iad siúd atá scaipthe i bhfolach, ná déan brath ar an teifeach.


Tá líon a mbaintreach arna mhéadú os cionn ghaineamh na farraige. Ar mháithreacha na n‑ógánach tugaim an millteoir i lár na lae ghil. Tugaim anuas orthu go tobann pianpháis agus scéin.


“Seolfaidh mé anois mórán iascairí - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh siad ar barr iad; ansin, seolfaidh mé mórán sealgairí agus déanfaidh siad a bhfiach ó gach uile shliabh, as gach cnoc, amach as poill na gcarraig.


Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé uafás díot, tú féin agus do chairde uile; titfidh siad le claíomh a naimhde; feicfidh do shúile féin é sin. Tabharfaidh mé Iúdá uile freisin i láimh rí na Bablóine; tabharfaidh sé i mbraighdeanas iad chun na Bablóine agus maróidh sé iad leis an gclaíomh.


Céard a fheicim? Tá siad scanraithe agus ag filleadh ar a gcúl! Na daoine is fearr orthu buailte siar, iad ag teitheadh i ndiaidh a gcinn, gan dearcadh siar, eagla ó gach taobh! - an Tiarna a labhraíonn.


Gabhtar a gcuid bothanna agus a dtréada; tógtar a mbratacha agus a soithí uile, agus freisin a gcuid camall. Déantar fógairt dóibh: ‘Eagla ar gach uile thaobh!’


Ná himígí amach faoin tuath, ná siúlaigí ar na bóithre, óir tá claíomh an namhad ann, agus scanradh ar gach aon taobh.


“Greadaigí libh, a neamhghlana!” a scairteadh leo, “Greadaigí libh, greadaigí libh, ná bainigí linn!” Theith siad leo chun fáin agus dúradh i measc na náisiún: “Ní féidir leo cónaí anseo níos mó.”


Amach a rachaidh sibh tríd na bearnaí, gach bean agaibh caol díreach amach agus ruaigfear sibh fhad le Harmón, a deir an Tiarna.


agus dúirt sí leis na fir: “Tá a fhios agam gur thug an Tiarna an tír daoibh agus gur bhuail scanradh sinn romhaibh, agus gur thit an lug ar an lag ar dhúchasaigh na tíre romhaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí