Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.
Iósua 3:13 - An Bíobla Naofa 1981 Na sagairt le háirc chonradh Thiarna an domhain ar fad, a luaithe a leagfaidh siad boinn a gcos ar uiscí na Iordáine, stopfaidh uiscí na Iordáine ina gcúrsa, agus stadfaidh na huiscí uachtair in aon mheall amháin ar a gcúrsa anuas.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tiocfaidh a ccrích ar ball, a ccuirfid na sagairt iomchras aírc an TIGHEARNA, Tighearna na talmhan uile, boinn a ccos a nuisgidhibh Iordan, go ngearrfuighear uisgidhe Iordan ó na huisgidhibh thig a núas as a náit shúas; agus seasfuid na gcarn ar á chéile. |
Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.
Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal, agus cuireann an dubhaigéan i dtaisce.
Is tú a chuir foinsí agus caisí ag brúchtaíl; is tú a dhiúg na haibhneacha tuilte.
Roinn sé an mhuir is sheol sé trasna iad; chuir sé na huiscí ina seasamh ina mballa.
Le sraoth do pholláirí rinne cnocáin de na huiscí agus sheas na tonnta mar chlaí; dhlúthaigh na haigéin i gceartlár na mara.
Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.
Dúirt sé ansin: “Is iad seo an bheirt ungthach a bhíonn ina seasamh os comhair Tiarna an domhain uile.”
Féach, tá áirc chonradh Thiarna an domhain ar fad, le gabháil thar Iordáin romhaibh amach.
déarfaidh sibhse leo: ‘Dheighil uiscí na Iordáine ó chéile roimh áirc chonradh an Tiarna, agus nuair a ghabh sí thar Iordáin d'imigh uiscí na habhann ar ceal. Is cuimhneachán síoraí ag clann Iosrael air sin na clocha seo.’ ”