Iósua 18:15 - An Bíobla Naofa 1981 Ar an taobh theas ghabh an teorainn ó imeall Chiriat Iáraím i dtreo [Ghaisin], agus go foinsí Uiscí Neaftóach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí an cheathramha budh dheas ó chionn Chiriat‐iearim, agus do chuáidh a téora amach ar an ttaóibh shíar, agus do chuáidh amach go tobar na nuisgeadh ag Nephtoah: |
Chas an teorainn ó mhullach an tsléibhe i dtreo foinse Uiscí Neaftóach, agus as sin ar aghaidh go cathracha Shliabh Eafrón. Ansin chas sí i dtreo Bhálá (.i. Ciriat Iáraím).
Bhí cor sa teorainn ansin agus chas sí ó dheas laistiar ón gcnoc theas sall ó Bhéit Horon, agus stad ag Ciriat Bál, Ciriat Iáraím sé sin, cathair le treibh Iúdá. Sin é an taobh thiar.
Chuir clann Iosrael chun bealaigh agus (ar an tríú lá) thángadar chun a mbailte .i. Gibeón, Cifíriá, Bearót agus Ciriat Iáraím.