Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 15:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Chas an teorainn ó mhullach an tsléibhe i dtreo foinse Uiscí Neaftóach, agus as sin ar aghaidh go cathracha Shliabh Eafrón. Ansin chas sí i dtreo Bhálá (.i. Ciriat Iáraím).

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus do táirrngiodh an téora ó mhullach an chnuic go nuige tobar uisge Nephtoah, agus do chuáidh amach go caithreachaibh shléibhe Ephron; agus do tháirngeadh an téora go Báalah noch ar bé Ciriat‐Iarim:

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 15:9
8 Tagairtí Cros  

Chuir Dáiví chun bealaigh agus d'imigh lena lucht leanúna go léir ó Bhálá Iúdá chun áirc Dé ar a bhfuil ainm Tiarna na Slua a shuíonn faoi réim ar na ceiribíní a thabhairt aníos as sin.


Chuaigh Dáiví agus Iosrael go léir suas go Bálá, go Ciriat Iáraím in Iúdá chun áirc Dé, ar a dtugtar ainm an Tiarna atá ina shuí ar na ceiribíní, a thabhairt aníos ón áit sin.


Ciriat Bál (.i. Ciriat Iáraím), agus Rabá; dhá chathair lena mbailte.


Ar an taobh theas ghabh an teorainn ó imeall Chiriat Iáraím i dtreo [Ghaisin], agus go foinsí Uiscí Neaftóach.


Chuir clann Iosrael chun bealaigh agus (ar an tríú lá) thángadar chun a mbailte .i. Gibeón, Cifíriá, Bearót agus Ciriat Iáraím.


Chuadar suas agus shuíodar a longfort i gCiriat Iáraím i Iúdá. Uime sin a thugtar Longfort Dhán mar ainm ar an áit sin ó shin. Tá sé siar ó Chiriat Iáraím.


Chuireadar teachtairí go dtí muintir Chiriat Iáraím ansin á rá: “Sheol na Filistínigh áirc an Tiarna ar ais; tagaigí anuas agus tugaigí suas libh chugaibh féin í.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí