Iósua 18:14 - An Bíobla Naofa 198114 Bhí cor sa teorainn ansin agus chas sí ó dheas laistiar ón gcnoc theas sall ó Bhéit Horon, agus stad ag Ciriat Bál, Ciriat Iáraím sé sin, cathair le treibh Iúdá. Sin é an taobh thiar. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)14 Agus do tairrngeadh an téora as sin, agus do thimchill sí coirneal na fairge budh dheas, ón chnoc atá as coinne Bhethóron budh dheas; agus do bhádar a dula amach sin ag Ciriat‐baal, (noch ar bé Ciriat‐iearim), cathair lé cloinn Iúdah: do budh í so an cheathramh shíar. Féach an chaibidil |