Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 9:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Chuir clann Iosrael chun bealaigh agus (ar an tríú lá) thángadar chun a mbailte .i. Gibeón, Cifíriá, Bearót agus Ciriat Iáraím.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus do ghluáisiodar clann Israel ar a naghuidh, agus tangadair dá gcaithreachaibh an treas lá. A nois dob íad a ccaithreacha Gibeon, agus Cephirah, agus Beerot, agus Ciriat‐iarim.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 9:17
24 Tagairtí Cros  

Bhí beirt fhear ag mac Shóil a bhí i gceannas ar bhuíonta foghla; Báná a ba ainm do dhuine acu, agus Raecáb a ba ainm don duine eile; ba chlann iadsan do Rimeon ó Bhaerót an Biniáimineach (mar áirítear Baerót le Biniáimin;


Ismáiá ó Ghibeón, laoch ar an tríocha agus ceannaire os a gcionn;


Acsá iníon Chálaeb. Iadsan clann mhac Chálaeb. Clann mhac Húr, céadghin Eafrátá: Seobál athair Chiriat Iáraím,


Bhí clann mhac eile ar Sheobál athair Chiriat Iáraím: Haroe, leath Mhanuchót,


agus finí Chiriat Iáraím: Itrígh, Púitigh, Siumátaigh, agus Miosráigh. A sliochtsan na Zorátaigh agus na hEisteaólaigh.


Taibearnacal an Tiarna a rinne Maois san fhásach, agus altóir an uileloiscthe, bhíodar an uair sin san ardionad i nGibeón.


clann mhac Chiriatáraím, Chipíreá agus Bhaerót, seacht gcéad daichead a trí;


fir Chiriat Iáraím, Chipíreá agus Bhaerót, seacht gcéad daichead a trí;


Bhí fear eile ann freisin a thairngir in ainm an Tiarna, Úiríá mac Sheamaiá, ó Chiriat Iáraím. Thairngir seisean in aghaidh na cathrach seo agus in aghaidh na tíre seo na nithe céanna díreach agus a thairngir Irimia.


Bhí sceimhle air dá bharrsan mar go raibh Gibeón chomh breá de chathair le ceann de chathracha an rí féin, í níos mó na Háí agus a saoránaigh go léir ina bhfir chogaidh.


Ciriat Bál (.i. Ciriat Iáraím), agus Rabá; dhá chathair lena mbailte.


Chas an teorainn ó mhullach an tsléibhe i dtreo foinse Uiscí Neaftóach, agus as sin ar aghaidh go cathracha Shliabh Eafrón. Ansin chas sí i dtreo Bhálá (.i. Ciriat Iáraím).


Bhí cor sa teorainn ansin agus chas sí ó dheas laistiar ón gcnoc theas sall ó Bhéit Horon, agus stad ag Ciriat Bál, Ciriat Iáraím sé sin, cathair le treibh Iúdá. Sin é an taobh thiar.


Ar an taobh theas ghabh an teorainn ó imeall Chiriat Iáraím i dtreo [Ghaisin], agus go foinsí Uiscí Neaftóach.


Trí lá tar éis an conradh a dhéanamh leo fuarthas amach gur comharsana iad agus go raibh cónaí orthu i measc chlann Iosrael.


Níor ionsaigh clann Iosrael iad mar gur mhionnaigh ceannairí an phobail dar an Tiarna Dia Iosrael ach rinne an comhthionól go léir monabhar in aghaidh na gceannairí.


Nuair a chuala muintir Ghibeón an íde a thug Iósua ar Ireachó agus ar Háí,


“Thángamar, do shearbhóntaí, ón imigéin,” ar siad, “de bharr clú an Tiarna do Dhia. Mar chualamar tuairisc air féin agus ar a ndearna sé san Éigipt;


Chuadar suas agus shuíodar a longfort i gCiriat Iáraím i Iúdá. Uime sin a thugtar Longfort Dhán mar ainm ar an áit sin ó shin. Tá sé siar ó Chiriat Iáraím.


Chuireadar teachtairí go dtí muintir Chiriat Iáraím ansin á rá: “Sheol na Filistínigh áirc an Tiarna ar ais; tagaigí anuas agus tugaigí suas libh chugaibh féin í.”


Thainig muintir Chiriat Iáraím agus thugadar áirc an Tiarna leo suas, agus chuireadar isteach i dteach Aibíneádáb ar an gcnoc í, agus rinneadar mac Eileázár a choisreacan chun aire a thabhairt d'áirc an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí