Acsá iníon Chálaeb. Iadsan clann mhac Chálaeb. Clann mhac Húr, céadghin Eafrátá: Seobál athair Chiriat Iáraím,
Iósua 15:60 - An Bíobla Naofa 1981 Ciriat Bál (.i. Ciriat Iáraím), agus Rabá; dhá chathair lena mbailte. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Círiat‐baal, noch ar bhé sin Círiatiearim, agus Rabbah; dhá chathruigh gun a mbailtibh: |
Acsá iníon Chálaeb. Iadsan clann mhac Chálaeb. Clann mhac Húr, céadghin Eafrátá: Seobál athair Chiriat Iáraím,
Chas an teorainn ó mhullach an tsléibhe i dtreo foinse Uiscí Neaftóach, agus as sin ar aghaidh go cathracha Shliabh Eafrón. Ansin chas sí i dtreo Bhálá (.i. Ciriat Iáraím).
Bhí cor sa teorainn ansin agus chas sí ó dheas laistiar ón gcnoc theas sall ó Bhéit Horon, agus stad ag Ciriat Bál, Ciriat Iáraím sé sin, cathair le treibh Iúdá. Sin é an taobh thiar.
Chuir clann Iosrael chun bealaigh agus (ar an tríú lá) thángadar chun a mbailte .i. Gibeón, Cifíriá, Bearót agus Ciriat Iáraím.
Chuireadar teachtairí go dtí muintir Chiriat Iáraím ansin á rá: “Sheol na Filistínigh áirc an Tiarna ar ais; tagaigí anuas agus tugaigí suas libh chugaibh féin í.”
Thainig muintir Chiriat Iáraím agus thugadar áirc an Tiarna leo suas, agus chuireadar isteach i dteach Aibíneádáb ar an gcnoc í, agus rinneadar mac Eileázár a choisreacan chun aire a thabhairt d'áirc an Tiarna.