Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 14:11 - An Bíobla Naofa 1981

Táim chomh laidir céanna inniu agus a bhí mé an lá a sheol Maois uaidh mé; tá mo neart anois chun troda, chun dul ar eachtra agus filleadh, mar a bhí an uair ud.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Atáim fós comhláidir a niugh, agus do bhí mé an lá do chuir Maoíse úadh mé: mar do bhí mo neart an tansin, is amhluidh atá mo neart annois, do dhéanamh cogaidh, agus do dhul amach, agus a steach.

Féach an chaibidil



Iósua 14:11
7 Tagairtí Cros  

Líonann sé do shaol le nithe fónta; déantar d'óige a athnuachan mar a bheadh iolar.


Seachtó bliain suim ár saolré; nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte. Saothar agus stró a sealsan; imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.


Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu, éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair. Ritheann siad gan a bheith cortha, siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.


“Táim céad agus a fiche bliain d'aois inniu,” ar sé; “ní féidir dom dul agus teacht mar ba mhaith liom a thuilleadh. Tá sé ráite ag an Tiarna liom: ‘Ní rachaidh tú thar an Iordáin seo.’


Bíodh do bholtaí d'iarann agus de phrás agus do neart comhfhad le do ré.


Bhí Maois céad agus a fiche bliain d'aois nuair a fuair sé bás; ní raibh a radharc teipthe ná a bhrí tráite.


Féach, choinnigh an Tiarna i mo bheatha mé ón lá úd go dtí seo, de réir mar a gheall sé. Tá cúig bliana agus daichead ann ó thug an Tiarna an gealltanas sin do Mhaois agus Iosrael fós ag taisteal tríd an bhfásach. Seo mé cúig bliana agus ceithre fichid d'aois anois.