Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 14:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Tabhair dom más ea na hardáin a gheall an Tiarna dom an uair úd. Chuala tú an uair úd go raibh na hAnacaím ag cur fúthu ansiúd, agus gur mhór agus gur dhaingean iad a gcathracha. Má bhíonn an Tiarna faram, tiomáinfidh mé amach iad mar a dúirt an Tiarna.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Annois ar a nadhbharsin tabhair dhamh an slíabhso, dar labhair an TIGHEARNA san lásin; óir do chúala tú an lá sin mar do bhádar na Hanacimigh annsin, agus go rabhadar na caithreacha mór daingion: má bhíonn an TIGHEARNA liom, tiucfa dhíom ar a ccur amach, mar a dubhairt an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 14:12
21 Tagairtí Cros  

Go gcluine an Tiarna do Dhia briathra uile an phríomhchornaire a chuir a mháistir, rí na hAsaíre, chun masla a thabhairt do Dhia beo, agus go ndéana an Tiarna do Dhia na briathra a chuala sé a agairt. Cuir suas do ghuí dá bhrí sin ar son an iarmhair atá fágtha.’ ”


Bhris an Tiarna ar na Cúisigh roimh Ásá agus Iúdá, agus theith na Cúisigh.


Mar chuir tú féin na ciníocha i mbéal a gcinn gur phlandaigh tú ár sinsir ina n‑ionad.


Nach tú a chuir uait sinn, a Dhia, ionas nach ngabhann tú amach lenár sluaite?


Dream cumhachtach iad siúd a chónaíonn ann áfach; tá cóir chosanta ar a mbailte agus tá siad an-mhór; agus, sea, chonaiceamar sliocht Anac ann.


Chonaiceamar, chonaiceamar sin, fathaigh ann (clann Anac, sliocht na bhfathach) agus ba gheall le dreoilíní teaspaigh sinn féin, dar linn, agus bhíodarsan den tuairim gur míoltóga sinn.”


Ach dúirt an Tiarna le Maois: “Ná bíodh eagla ort roimhe, óir tá sé tugtha agam i do láimh, é féin agus a mhuintir agus a thír. Déan leis mar a rinne tú le Síochon, rí na nAmórach, a mhair i Heisbeon.”


Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne?


Cá bhfuil ár dtriall? Chuir ár mbráithre féin lagmhisneach orainn: “Is mó agus is airde iad na daoine ná sinne,” ar siad, “tá a gcathracha ábhalmhór le ballaí a shroicheann chun neimhe; chonaiceamar clann Anácaím ann chomh maith.’ ”


“Éist, a Iosrael! Tá tú ar tí dul thar an Iordáin inniu, chun ciníocha is mó agus is treise ná thú féin a chur as seilbh agus cathracha móra atá daingnithe go hard na spéire a ghabháil.


Bí deimhin de dá bhrí sin inniu gurb é an Tiarna féin, do Dhia, a rachaidh romhat, mar thine loiscneach; scriosfaidh sé iad agus cloífidh sé romhat iad; déanfaidh tú iad a dhíbirt dá bhrí sin agus a mharú gan mhoill faoi mar a gheall an Tiarna duit.


Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.


Trí chreideamh chuir siad ríochtaí faoi smacht, shaothraigh siad an fhíréantacht, fuair siad a raibh geallta dóibh, dhún siad béil leon,


Thiomáin Cálaeb triúr mac Anac amach aisti: Séisea, Aichímeán, agus Talmai, sliocht Anac.


Tugadh Heabrón do Chálaeb de réir mar a dúirt Maois mar gur dhíbir sé triúr mac Anác as.


Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí