Iósua 14:10 - An Bíobla Naofa 198110 Féach, choinnigh an Tiarna i mo bheatha mé ón lá úd go dtí seo, de réir mar a gheall sé. Tá cúig bliana agus daichead ann ó thug an Tiarna an gealltanas sin do Mhaois agus Iosrael fós ag taisteal tríd an bhfásach. Seo mé cúig bliana agus ceithre fichid d'aois anois. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)10 Agus féach, a nois, do choinnuimh an TIGHEARNA béó mé, mar a dubhairt sé, na cúig bhlíadhna agus dá fhithchiod so, eadhon ó labhair an TIGHEARNA an focalso re Máoise, an feadh do bhádar elann Israel ar seachran sán bhfásach: agus a nois, cheana, atáim a niugh ceithre fithchid agus cúig blíadhna daóis. Féach an chaibidil |