Ansin dúirt Dáiví le hAibísí: “Is mó is baol dúinn Seaba mac Bhicrí ná Aibseálóm riamh; beir leat lucht cosanta do thiarna agus téigh sa tóir air le heagla go mbainfeadh sé amach cathracha daingne agus éalú uainn.”
Iósua 10:20 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí ár agus eirleach déanta orthu ag Iósua, agus ag saighdiúirí Iosrael agus gan ach iarmhar beag fágtha, theith fuíoll an áir chun a gcathracha daingne. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, a núair do chriochnuigh Iosua agus clann Israel a marbhadh lé hár ro mhór, nó gur sgriosadh íad, go ndeachadar an mhéid do mhair díobh a steach a gcaithreachaibh daingne. |
Ansin dúirt Dáiví le hAibísí: “Is mó is baol dúinn Seaba mac Bhicrí ná Aibseálóm riamh; beir leat lucht cosanta do thiarna agus téigh sa tóir air le heagla go mbainfeadh sé amach cathracha daingne agus éalú uainn.”
Ansin ghabh rí Iosrael amach agus ghabh idir eachra agus charbaid agus rinne ár is eirleach ar Arám.
Rinne Aibíá agus a shluaite ár agus eirleach orthu; thit cúig céad míle d'fhir thofa Iosrael marbh ar pháirc an áir.
Foilsígí é in Iúdá, fógraígí é in Iarúsailéim! Séidigí an stoc faoin tuaith, fógraígí os ard agus abraigí: ‘Cruinnígí! teannaigí leis na bailte daingne!’
Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh.
Maidir le cathracha na gciníocha úd atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht, ná déan anacal anama ar aon ní beo,
Chuir an Tiarna i raon maidhme iad roimh chlann Iosrael agus rinneadar ár agus eirleach orthu i nGibeón. Chuir an Tiarna tóir orthu ar feadh chonaire Bhéit Horon agus bhí á gciapadh chomh fada le hAzaecá agus Macaedá.
Ná fanaigí féin díomhaoin, ansiúd, áfach; téigí sa tóir ar bhur naimhde; sáraígí iad ina gconair theithe agus ná ligigí isteach ina gcathracha iad, mar tá an Tiarna bhur nDia tar éis iad a thabhairt ar láimh daoibh.”
D'fhill an pobal go léir slán folláin ar champa Iósua i Macaedá, agus níor leomhaigh aon duine iarracht a dhéanamh in aghaidh chlann Iosrael.
Ghabh Iósua cathracha na ríthe sin go léir agus a ríthe go léir; d'imir sé faobhar claímh orthu agus iad curtha faoin mbang, faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna.
Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.
Nuair a bhí deireadh ag clann Iosrael ag eirleach mhuintir Háí go léir sa mhachaire agus san fhásach mar ar chuireadar i raon madhma iad, agus nach raibh duine díobh nach raibh sínte marbh de rinn claímh, d'fhill clann Iosrael go léir ar Háí agus d'imríodar faobhar claímh uirthi.