Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 4:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Foilsígí é in Iúdá, fógraígí é in Iarúsailéim! Séidigí an stoc faoin tuaith, fógraígí os ard agus abraigí: ‘Cruinnígí! teannaigí leis na bailte daingne!’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Foillsighidh sibhsi ann Iúdah, agus súagradh ann Ierusalem; agus abruidh, Séidighsi an stoc annsa dúthaigh: fúagraidh, cruinniughadh a ccionn a chéile, agus abruidh, Cruinnighidh sibh féin, agus teanam annsna caithreachaibh daingne.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 4:5
16 Tagairtí Cros  

gach uair a dtagann, sroichfidh sé sibh. Maidin in aghaidh na maidne tiocfaidh sé ar a chuairt, tiocfaidh de lá agus d'oíche; agus cúis scéine a bheidh ann a scéal a scaoileadh.


“Labhair le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim.


Ach tharla, nuair a d'ionsaigh Nabúcadnazar rí na Bablóine an tír seo, go ndúramar: Tagaigí! téimis suas go Iarúsailéim ar eagla slua na gCaildéach agus slua Árám.’ Is mar sin a chuireamar fúinn in Iarúsailéim.”


Foilsígí é seo i dteach Iacóib, fógair é in Iúdá, á rá:


Teithigí le bhur n‑anam a chlann Bhiniáimin as lár Iarúsailéim Séidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim! Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart, díobháil mhór.


Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh.


Cé hé an duine críonna a thuigfidh é seo? Cé leis a labhair béal an Tiarna féin le go bhfoilseodh sé: Cad chuige ar scriosadh an tír, agus go ndearnadh fásach di gan siúl aon duine inti?


Shéid siad an trumpa agus chuir gach rud i gcóir; ach ní théann duine ar bith chun catha, óir tá mise i bhfearg leo go léir le chéile.


Séid an stoc! Tá léirscrios, amhail badhbh, ag bagairt ar theaghlach an Tiarna. Mar bhris siad an conradh a rinne mé leo, agus níor ghéill siad do mo dhlí.


Séidigí an stoc i Síón! Tógaigí gártha rabhaidh ar mo shliabh naofa! Creathnaíodh áitritheoirí uile na tíre! Óir, tá lá an Tiarna ag teacht, tá sé in achmaireacht.


An séideann trumpa sa chathair gan eagla a theacht ar an bpobal? An mbuaileann tubaiste an chathair nach é an Tiarna is cúis leis?


Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla? Labhraíonn an Tiarna Dia; cé a d'fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh?


“Déan dhá thrumpa, déan d'airgead buailte iad. Bain feidhm astu ag gairm an chomhthionóil agus ag scor an champa.


Nuair a shéidfear iad araon cruinníodh an comhthionól chugat ag doras Bhoth na Teagmhála.


Nuair a bhí ár agus eirleach déanta orthu ag Iósua, agus ag saighdiúirí Iosrael agus gan ach iarmhar beag fágtha, theith fuíoll an áir chun a gcathracha daingne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí