Irimia 4:6 - An Bíobla Naofa 19816 Déanaigí eolas an bhealaigh go Síón; teithigí, ná déanaigí moill! Tugaimse olc oraibh ón Tuaisceart, milleadh mór. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)6 Cuiridh bhur mbratacha súas leath ré Sion: fillidh ar bhur nais, ná fuiridhe: óir do bhéara misi olc ón tuáisciort, agus aidhmhilleadh mór. Féach an chaibidil |
Labhair anois, ar an ábhar sin, le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Éistigí, tá briseadh á chumadh agam in bhur n‑aghaidh, tá tubaiste daoibh á ceapadh agam. Filligí mar sin, gach uile dhuine agaibh, ó bhur n‑imeachtaí gránna, leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha.’
Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’
cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.
“Cuirigí an bratach ar foluain ar fud an domhain; séidigí an stoc i measc na náisiún, ullmhaígí na náisiúin ina haghaidh; gairigí ar na ríochtaí i gcionn a chéile ina héadan: Ararat, Minní, Aisceanáz; glaoigh rolla a naimhde, a cheannfoirt! Ordaígí don mharcshlua teacht suas, go colgach ar nós na lócaistí.