Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 20:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Ansin dúirt Dáiví le hAibísí: “Is mó is baol dúinn Seaba mac Bhicrí ná Aibseálóm riamh; beir leat lucht cosanta do thiarna agus téigh sa tóir air le heagla go mbainfeadh sé amach cathracha daingne agus éalú uainn.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus a dubhairt Dáibhi ré Abisai, A nois do dhéana Seba mhac Bichri niosmó do dhochar dhúinn nó do rinne Absolon: beir leachd thusa mumntir do thíghearna, agus lean é, deagla go bhfuigheadh sé caithreacha daingne dhó féin, agus go nimtheochaidh mar sin uáinn.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 20:6
17 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic na hAmónaigh gur theith na hAramaeigh theitheadar féin mar an gcéanna ó Aibísí agus isteach leo sa chathair. D'fhill Ióáb ansin ón gcogadh in aghaidh na nAmónach agus tháinig ar ais go Iarúsailéim.


Dúirt Úiríá le Dáiví: “Nach bhfuil an áirc agus Iosrael agus Iúdá ina gcónaí i mbothanna? Agus tá mo thiarna Ióáb agus seirbhísigh mo thiarna ag cur fúthu sa mhachaire; an bhfuilimse le dul go dtí mo theach, más ea, le bia agus deoch a chaitheamh agus le luí le mo bhean? Dar do bheo féin agus dar d'anam beo, ní dhéanfaidh mé a leithéid.”


“Fág go mbraithfinn meáchan míle seicil airgid ar mo ghlaic ní shínfinn mo lámh in aghaidh mhac an rí. Óir thug an rí i gcomhchlos dúinne, ordú duitse, d'Aibísí agus d'Iotaí: ‘Déanaigí anacal anama ar Aibseálóm ar mo shonsa.’


Rinne Dáiví an t‑arm [a roinnt ina thrí bhuíon], buíon faoi cheannas Ióáb, buíon faoi cheannas Aibísí, mac Zarúá, deartháir Ióáb, agus buíon faoi cheannas Iotaí an Giteach. Ansin dúirt an rí leis na sluaite: “Máirseálfaidh mé féin cois ar chois libh.”


óir tugann tú grá don mhuintir a thugann fuath duit, agus fuath don mhuintir a thugann grá duit. Thaispeain tú inniu gur bheag é do mheas ar cheannairí nó ar shearbhóntaí; mar is léir dom anois dá mbeadh Aibseálóm beo inniu agus sinn uile marbh, go mbeifeá sásta.


Bhí triúr mac Zarúá ann - Ióáb, Aibísí agus Asáhael. Bhí Asáhael chomh luathchosach le heilit fhiáin.


Ach tháinig Aibísí mac Zarúá i gcabhair air, threascair an Filistíneach agus mharaigh. Ansin d'áitigh lucht leanúna Dháiví air á rá: “Ná téigh chun catha riamh arís linn,” ar siad, “d'fhonn nach múchfá lóchrann Iosrael.”


Ba é Aibísí deartháir Ióáb agus mac Zarúá ceannaire an tríochad. Eisean a d'imir a shleá ar an trí chéad fear agus a mharaigh iad, agus a thuill cáil i measc an tríochad.


(Dhúnmharaigh Ióáb, agus a dheartháir Aibísí, Aibnéar mar gur mharaigh seisean a ndeartháir Asáhael sa chath ag Gibeón.)


Cé gur ungadh i mo rí mé, táim fann lag faoi láthair; tá na fir úd, clann mhac Zarúá, róbhorb dom. Go gcúití an Tiarna an t‑olc le fear a dhéanta de réir a dhrochbhirt!”


“Tugaigí libh garda bhur dtiarna,” arsa an rí, “agus cuirigí Solamh ar muin mo mhiúile féin, agus tugaigí libh síos go Gíohón é.


Ba é Aibísí, deartháir Ióáb, ceannaire an tríochad. Eisean a d'imir a shleá ar an trí chéad fear agus a mharaigh iad, agus a thuill cáil i measc an tríochad.


Chloígh Aibísí mac Zarúá na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, ocht míle dhéag díobh.


Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh.


Má bhíonn ríocht ar deighilt ina haghaidh féin, ní fhéadann an ríocht sin seasamh.


Ansin labhair Dáiví le hAichímeilic an Hiteach agus le hAibísí mac Zarúá, deartháir Ióáb: “Cé rachaidh síos liom isteach sa champa go Sól?” ar sé. D'fhreagair Aibísí: “Mise; rachaidh mise leat.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí