Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 20:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Leanadar seo Aibísí: Ióáb, na Ceiréitigh, na Peiléitigh agus na gaiscígh go léir, agus iad ag imeacht leo ó Iarúsailéim ar thóir Sheaba mac Bhicrí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus do chuáidh muinntir Ióab amach ná dhiáighsion, agus na Cheretitigh, agus na Peletitígh, agus na fir churata uile: agus do chúadar a mach as Ierusalem, do thóruigheachd a ndiaigh Shéba mhic Bichri.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 20:7
9 Tagairtí Cros  

Ghabh a oifigigh go léir thairis, agus ghabh na Ceiréitigh go léir, agus na Peiléitigh go léir, agus gach duine den sé chéad Giteach a lean é ó Ghat, ar aghaidh roimh an rí.


Bhí Ióáb i gceannas arm Iosrael go léir; bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach;


Bhí Ióáb mac Zarúá i gceannas an airm agus Iahóiseáfat mac Aichíliúd ina sheanchaí.


Bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach. Bhí clann mhac Dháiví ina sagairt.


“Tugaigí libh garda bhur dtiarna,” arsa an rí, “agus cuirigí Solamh ar muin mo mhiúile féin, agus tugaigí libh síos go Gíohón é.


Ansin ghabh Zádóc an sagart, Nátán fáidh, Banáiá mac Iahóideá, na Ceiréitigh agus na Peiléitigh síos; chuir siad Solamh ar muin mhiúil Dháiví rí agus thugadar leo é go Gíohón.


Chuir an rí Zádóc an sagart leis, agus Nátán fáidh, agus Banáiá mac Iahóideá, agus na Ceiréitigh agus na Peiléitigh; chuir siad ar muin mhiúil an rí é;


Rinneamar ionradh ar Neigib na gCeiriteach, agus ar Neigib Iúdá, agus ar Neigib Chálaeb, agus chuireamar Zicleag trí thine.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí