Irimia 8:14 - An Bíobla Naofa 198114 Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)14 Cred fa a bhfanmaóid ar suighe? cruinnighidh sibh féin, agus déanam a steach annsna caithreachaibh daingne, agus bímid ar ttochd annsin: óir do chuir an TIGHEARNA ar Ndía ar tochd sinn, agus thug sé uisge domblois dúinn re ól, do bhrígh gur pheacuigheamar a naghaidh an TIGHEARNA. Féach an chaibidil |