Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 8:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Ba mhaith liom dul a bhaint fómhair ann, a deir an Tiarna. Ach níl fíonchaora ar an bhfíniúin, ná figí ar an gcrann figí agus na duilleoga féin, tá siad feoite. Mar sin é óir thug mise sladairí orthu le slad a dhéanamh orthu.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 ¶ Go deimhin scriosfuidh mé íad, a deir an TIGHEARNA: ní bhiáidh aointríopall ar an bhfíneamhuin, nó fígidhe ar an ccrann fíge, agus críonfa an duille; agus imtheochuidh na neithe úatha thug mé dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 8:13
25 Tagairtí Cros  

deich n‑acraí d'fhíonghort, ní thabharfaidh siad ach bairille amháin, agus deich mbuiséal síl, ní thabharfaidh ach aon bhuiséal amháin.”


Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”


Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna: Na fáithe a dhéanann tairngreacht i m'ainmse agus nach mé a chuir uaim iad, agus fós go n‑abrann siad libh, nach mbeidh claíomh ná gorta sa tír seo: is le claíomh agus le gorta a thitfidh na fáithe céanna seo.


Is cosúil é le crann atá lámh le huisce, agus a shíneann a fhréamhacha amach leis an sruth; ní bhíonn sé i bhfaitíos roimh lá an bhrothaill, mar fanann a dhuilliúr glas; ní bhíonn sé buartha i mbliain an tarta, mar ní éiríonn as torthaí a thabhairt.


Slogfaidh siad an fómhar agat agus an t‑arán, slogfaidh siad do mhic agus d'iníonacha, slogfaidh do thréada agus do shealbháin, d'fhíniúna agus do chrainn figí, scriosfaidh siad do bhailte daingne ina bhfuil do dhóchas.


Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.”


Dá bhrí sin, dhoirt mé mo fhearg amach orthu; dhóigh mé iad le tine mo chuthaigh. Chúitigh mé a n‑iompar ar a gcinn féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Ansin nochtfaidh mé a náire faoi shúile a leannán, agus ní fhuasclóidh aon duine í ó mo láimh.


Rinne siad léirscrios ar mo chuid fíniúna agus scéalp siad mo chrainn fígí; bhain siad an choirt go léir díobh agus leag iad; is bán iad a ngéaga anois.


Meilfidh sibh bhur neart in aisce; ní thabharfaidh bhur dtalamh a thoradh uaidh, ná bhur gcrainn a gcnuas.


Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth; ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna; rachaidh de thoradh an chrainn olóige; ní thabharfaidh na goirt aon bhia; ní fhágfar caora sa chró nó bó ar bith sa bhuaile.


Táim tar éis triomach a ghlaoch anuas ar an talamh, ar na cnoic, ar an arbhar, ar an úrfhíon, ar an ola, ar thorthaí uile na talún, ar na daoine agus ar na beithígh agus ar a saothar go léir!”


Le smoladh, coincleach agus clochshneachta mhill mé sibhse agus saothar uile bhur lámh; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.


Crosfaidh mé ar an lócaiste craosach bhur mbarra a mhilleadh oraibh agus an fhíniúin atá in bhur ngoirt a fhágáil neamhthorthúil, a deir Tiarna na Slua.


agus nuair a chonaic sé crann fígí le hais an bhóthair, bhuail sé ina threo ach ní bhfuair air ach duilleoga. Agus dúirt sé leis: “Nár fhása aon toradh ortsa as seo amach go brách!” Agus shearg an crann fígí ar an mball.


Mar bíonn teas loiscneach sa ghrian nuair a éiríonn sí agus seargann sí an féar; titeann a bhláth agus téann a mhaise in éag. Sé an dála céanna ag an bhfear saibhir é, rachaidh sé in éag i lár a chúraimí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí