Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 8:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin, mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu, a deir an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 An raibh náire orra a núair do rinneadar gráineamhlacht? ní headh, ní raibh náire orra ar aonchor, ní mó dféadadar deargadh: uimesin tuitfid siad a measg na druinge thuitfíos: a naimsir a ccúarta teilgfighear síos íad, a deir an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 8:12
20 Tagairtí Cros  

Lá arna mhárach dúirt an té ba shine leis an té a ba óige: “Féach, luigh mé aréir le d'athair; cuirimis ar meisce le fíon arís anocht é; ansin téighse isteach chuige agus luigh leis. Ar an tslí sin, beidh sliocht orainn ónár n‑athair.”


Do stiúrthóir an chóir. Mascil de chuid Dháiví


Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh agus do mhilleadh go deo. Sracfaidh sé as do bhoth amach thú agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú as talamh na mbeo.


idir chléir agus thuath, idir uasal agus íseal, máistreás agus searbhónta, díoltóir agus ceannaitheoir, iasachtóir agus iasachtaí, creidiúnaí agus féichiúnaí.


A sotal féin, is fianaise ina n‑éadan é, déanann siad gaisce as a bpeaca, amhail Sodom. Is trua a gcás, mar rinne siad a gcreachadh féin.


Is náideanna iad, is díol gáire; nuair a thiocfaidh am a gcuarta, rachaidh siad as.


Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna: Na fáithe a dhéanann tairngreacht i m'ainmse agus nach mé a chuir uaim iad, agus fós go n‑abrann siad libh, nach mbeidh claíomh ná gorta sa tír seo: is le claíomh agus le gorta a thitfidh na fáithe céanna seo.


Ar an ábhar seo is sleamhain an tslí atá ag síneadh rompu; sa dorchacht mar a ndíbreofar iad is ann a thitfidh siad. Óir tabharfaidh mise olc orthu i mbliain a bhféachana - an Tiarna a labhraíonn.


Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna, agus nach raibh fearthainn an earraigh ann. Agus choinnigh tú go dána ort d'aghaidh striapaí, b'fhada uait lasadh agus náire.


Go dtí inniu féin níl uamhan ná aiféala orthu; níor shiúil siad i mo dhlíse ná sna reachta a chuir mé romhaibh, mar a chuir mé roimh bhur sinsir.’


Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu - a deir an Tiarna.”


Dá bhrí sin - mar seo a deir an Tiarna: ‘Cuirfidh mé cip thuislithe roimh an bpobal seo le go dtitfidh siad orthu; an t‑athair agus an mac in éineacht, an chomharsa agus an cara, caillfear iad uile.’ ”


Mheirdrigh sí agus tharnocht sí os comhair an tsaoil mhóir sa chruth gur thug mé cúl léi go samhnasach mar a thug lena deirfiúr.


Beidh Eafráim ina fásach lá an smachtaithe. I measc treibheanna Iosrael fógraím fírinne a bhfuilim cinnte dearfa di.


Istigh inti ina lár tá an Tiarna cóir; ní dhéanann sé an t‑éigeart riamh. Maidin i ndiaidh maidine fógraíonn sé a bhreithiúnas; le lonradh an lae ní loiceann sé riamh. Ach níl ciall ar bith do náire ag an drochdhuine.


Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh, i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos. Óir tá lá a scriosta in achmaireacht agus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin.


Is é a mbascadh is dán dóibh sin; níl de Dhia acu ach a mbolg agus iad bródúil as a gcuid mínáire agus gan ach nithe saolta ina gceann acu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí