Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 8:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Bhí súil againn le síocháin - ach níor tháinig maith ar bith, le haimsir shlánaithe, ach féach an scéin!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Do bhí súil aguinn ré síothchain, acht ní tháinic maith ar bith; agus ré haimsir shláinte, agus féuch an buáidhreadh!

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 8:15
9 Tagairtí Cros  

Bhí mé ag súil leis an maith, ach sé an t‑olc a tháinig. Bhí mé ag súil leis an solas, ach sé an dorchadas a thit.


Tá na scriosadóirí tagtha go gach cnocán lom san fhásach (óir beartaíonn an Tiarna claíomh a shlogann); ó cheann ceann na tíre ní bhfaigheann feoil ar bith síocháin.


Ar thréig tú Iúdá amach agus amach? An fuath le d'anam Síón? Cad chuige ar bhuail tú síos sinn agus gan súil le leigheas againn? Bhí súil againn le síocháin - ach níl maith ar bith ansin! Le ham tarrthála - ach féach scanradh!


[Déarfaidh daoine] ansin, “Ó, a Thiarna Dia, nach mór a mheall tú sinn á rá: ‘Beidh síocháin agaibh’, ar an uair féin atá an claíomh ag ár scornach!”


Ná himígí amach faoin tuath, ná siúlaigí ar na bóithre, óir tá claíomh an namhad ann, agus scanradh ar gach aon taobh.


Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail á rá: ‘Síocháin! Siocháin!’ agus níl aon síocháin ann.


Nuair a thiocfaidh an crá iarrfaidh siad síocháin, ach ní bheidh sí ar fáil.


Conas is féidir le háitritheoirí Mhárót bheith ag súil lena slánú; mar tá an mí-ádh tar éis teacht anuas ón Tiarna fad le geataí Iarúsailéim féin.


Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí