Ióna 1:2 - An Bíobla Naofa 1981 “Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair oracal ina haghaidh, mar tá mallaitheacht a háitritheoirí tar éis éirí aníos os mo chomhair.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Eirigh, imthigh go Ninebheh, an chathair mhór sin, agus déana comhairc na haghaidh: óir tháinic a ccionta súas dom lathairsi. |
Scor Sanaichéiríb a champa agus d'imigh; d'fhill sé abhaile agus chuir sé faoi i Nínivé.
Bhí fáidh leis an Tiarna ann darbh ainm Obaed agus ghabh sé amach i gcoinne an airm ar a slí ar ais go dtí an tSamáir agus dúirt: “Bhí an Tiarna, Dia bhur sinsear, i bhfearg le Iúdá agus thug sé ar láimh daoibh iad dá bhrí sin, ach rinne sibhse ár orthu, lena leithéid de fhíoch gur shroich sé chun na bhflaitheas.
agus dúirt: “A Dhia, tá ceann faoi orm agus lasaim le náire agus m'aghaidh á tógáil chugat agam, a Dhia liom, mar méadaíodh ár gcoireanna nó go bhfuil siad níos airde ná ar gceann, agus carnadh suas ár bpeaca ionas go sroicheann sé na flaithis.
Scor Sanaichéiríb a champa ansin agus d'imigh sé abhaile go Nínivé agus chuir sé faoi ann.
Glaoigh amach in ard do chinn, na coinnigh siar é, ardaigh do ghlór mar a bheadh adharc á séideadh. Taispeáin do mo phobal a gcoireanna agus do theaghlach Iacóib a bpeacaí.
Deirinn: “Ní smaoineoidh mé air, ní labhróidh mise níos mó ina ainm.” Ansin chonacthas dom go raibh tine loiscneach i mo chroí, í dúnta istigh i mo chnámha. Tá mé tuirseach ó bheith ag iarraidh í a chosc. Ní fhéadaim é a fhulaingt.
Cuirfidh tusa mo bhriathra in iúl dóibh, éistidís nó ná héistidís, mar is ceannairceach an dream iad.
Ní mheabhraíonn siad dóibh féin go gcoinním cuimhne ar a n‑olcas uile; ach tá a n‑ainghníomhartha á gciorclú; ar m'aghaidh féin amach atá siad.
“Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair ina haghaidh an t‑oracal a thabharfaidh mé duit.”
D'éirigh Ióna ach an uair seo as go brách leis go Nínivé faoi mar a d'ordaigh an Tiarna dó. Dar ndóigh, cathair as cuimse mór ba ea Nínivé; thógfadh sé trí lá ó dhuine í a thrasnú.
Agus nach ceart trua a bheith agamsa do Nínivé, an chathair mhór sin, ina bhfuil breis agus céad is fiche míle duine nach eol dóibh conas rogha a dhéanamh idir an mhaith agus an t‑olc gan trácht ar na beithígh gan áireamh atá inti?”
Ach i dtaca liomsa de táimse lán de chumhacht (agus de spiorad an Tiarna) agus de cheart agus de mhisneach chun a choir a thaispeáint do Iacób agus a pheaca a léiriú do Iosrael.
Níl aon legheas ar do lot; is marfach í do chneá. An uile dhuine a chloiseann do scéal, buaileann sé bosa mar gheall ort. Óir cé air nár luigh do dhanarthacht gan staonadh?
agus seolfar i láthair gobharnóirí agus ríthe sibh mar gheall ormsa chun fianaise a thabhairt os a gcomhair agus os comhair na ngintlithe.
Éireoidh muintir Nínivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a d'fhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna.
Féach, tuarastal na n‑oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe.