Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 20:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Deirinn: “Ní smaoineoidh mé air, ní labhróidh mise níos mó ina ainm.” Ansin chonacthas dom go raibh tine loiscneach i mo chroí, í dúnta istigh i mo chnámha. Tá mé tuirseach ó bheith ag iarraidh í a chosc. Ní fhéadaim é a fhulaingt.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ann sin a dubhairt mé, Ní thiucfa mé thairis, agus ni laibhéora mé ní sá mhó iona ainm. Acht do bhí a fhocal am chroidhe amhuil teine loisgneach íadhta súas am chnámhuibh, agus do bhí mé coirthe le hiomchar, agus níor fhéud mé fuireach.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 20:9
21 Tagairtí Cros  

Bhí mé balbh agus d'fhan mé i mo thost, bhí éad orm de dheasca a rathúnais.


Nach ndónn mo bhriatharsa ar nós tine - an Tiarna a labhraíonn - nach cosúil é le hord a bhriseann an charraig ina smidiríní?


I dtaobh na bhfáithe: Tá mo chroí istigh ionam briste, creathnaíonn mo chnámha uile; is cosúil le fear meisce mé; is cosúil le fear a chloígh fíon mé mar gheall ar an Tiarna agus a bhriathra naofa; tá an tír lán d'adhaltranaigh.


Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian. Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh. Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala mé fuaim an stoic agus dreasú an chatha.


Tá mé lán d'fhearg an Tiarna táim tuirseach de bheith á coinneáil istigh. “Doirt amach mar sin é ar na leanaí sa tsráid, agus ar oireachtas na n‑ógfhear in éineacht. Tógfar uile iad: an fear agus an bhean, an seanóir liath agus an té atá lán de laethanta.


Thóg an spiorad in airde mé agus rug leis mé, agus d'imigh mé faoi sheirfean agus faoi bhruth feirge agus lámh an Tiarna ag luí go trom orm.


agus dúirt: “A mhic an duine, ith an scrolla seo a thugaim duit agus sásaigh do ghoile leis.” D'ith mé é agus bhí blas na meala air i mo bhéal.


Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla? Labhraíonn an Tiarna Dia; cé a d'fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh?


“Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair oracal ina haghaidh, mar tá mallaitheacht a háitritheoirí tar éis éirí aníos os mo chomhair.”


D'éirigh Ióna ach bhí sé meáite ar theitheadh go Tairsís ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé síos go Iopa, mar sin, agus fuair sé long ann a bhí ar tí dul go Tairsís; d'íoc sé an táille agus chuaigh sé ar bord chun taisteal go Tairsís i gcuideachta na foirne ó láthair an Tiarna.


Ach dúirt Íosa leis: “Aon duine a bhuaileann a lámh ar an gcéachta agus a fhéachann siar ina dhiaidh, níl sé oiriúnach do ríocht Dé.”


Fad a bhí Pól ag feitheamh leo san Aithin ghoill sé ar a aigne nuair a chonaic sé an chathair a bheith tugtha suas don íoladhradh.


Nuair a tháinig Síleas agus Tiomóid anuas ón Macadóin chaith Pól a dhúthracht ar fad leis an tseanmóireacht, á chruthú do na Giúdaigh gurb é Íosa an Críost.


Mar ní féidir dúinn gan labhairt ar a bhfuil feicthe agus cloiste againn.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí