Fáistine i gcoinne na hÉigipte. Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall; chun na hÉigipte atá a thriall. Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe, tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.
Fáistine i dtaobh an mhachaire cois na farraige. Gairfean chugainn ar nós séideáin ag scuabadh an deiscirt, ag teacht isteach as an bhfásach, isteach as tír an uafáis
Na fáithe a bhí ann romhamsa agus romhatsa anallód, rinne siad tairngreacht faoi chogadh, faoi ghorta, faoi phlá, in aghaidh mórán tíortha agus in aghaidh ríochtaí móra;
“Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair oracal ina haghaidh, mar tá mallaitheacht a háitritheoirí tar éis éirí aníos os mo chomhair.”
Ardaítear an dealbh chun siúil chun í a thabhairt go tír iasachta; tá a cuid banóglach ag ligean osnaí uathu mar chorracú colm agus ag bualadh a n‑ucht le teann díomá.
Sínfidh sé a lámh amach in aghaidh an tuaiscirt agus scriosfaidh sé an Asaír agus déanfaidh sé díthreabh de Nínivé nó go mbeidh sí chomh tirim le fásach.
Oracal. Tá briathar an Tiarna i ndúiche Hadrác, agus tá foslongfort aige sa Damaisc, - mar is leis an Tiarna cathracha uile Arám faoi mar is leis treibheanna uile Iosrael.