Ióéil 1:6 - An Bíobla Naofa 1981 Óir, tá scaoth chumhachtach gan áireamh tar éis ionradh a dhéanamh ar mo thír. Fiacla leoin a bhfiacla agus is starrfhiacla banleoin atá acu. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír tháinic cineadh a níos ar mfearan, láidir, agus gan áireamh, a bhfuilid a fíacla amhuil fíacla leomhuin, agus atáid fíacla carbaid leomhuin mhóir aige. |
Tá pór ann le claímhte mar fhiacla, agus sceana mar ghialla acu, Leis na boicht a alpadh agus a scrios de chlár na cruinne; agus lucht na gannchúise a shlogadh agus a scuabadh ó chomhluadar daoine.
i ndiaidh dúiche mo mhuintire mar a bhfuil sceacha agus driseacha ag fás, i ndiaidh gach teach a raibh lúcháir ann sa chathair chaithréimeach.
beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá, agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál, agus beidh a sciatháin spréite thar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.”
Ní bheidh cónaí orthu níos mó i dtír an Tiarna, mar rachaidh Eafráim ar ais chun na hÉigipte agus íosfaidh siad bia neamhghlan san Asaír.
Tabharfaidh mé daoibh a dhá oiread den mhéid a d'ith an lócaiste agus an preabaire agus an scriostóir agus an gearrthóir, m'arm mór a chuir mé in bhur n‑aghaidh.