Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Ióéil 1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil I. Fuágra dóilghios agus trosgaáh arson an tart agus na gorta, a ttáinic a leith meisce agus an caitheamh.

1 Briathar an TIGHEARNA tháinic chum Ioel mhac Petúel.

2 Cluinidh so, a dhaóine foirfe, agus tugaidh éisdeacht uáibh, sibhsi uile dhúthchusaigh na tíre. An raibh so ann bhur laétheibhsi, nó a láethibh bhur naithreadh?

3 Innisidh dá bhur ccloinn é, agus innisiodh bhur cclannsa dá ccloinn féin, agus a cclannsan do ghinealach oile.

4 Dith an lócust an ní dfág an phíast palmer; agus an ní dfág an lócust a duáigh an phéist chancair; agus an ní dfág an phéist chancair a duáigh an caterpiler é.

5 Múscluidh, a lucht na meisce, agus guilidh; agus nualluidh, a uile lucht óla fiona, do bhrígh a nfíona nuáidh; óir do gearradh ó bhur mbéul é.

6 Oír tháinic cineadh a níos ar mfearan, láidir, agus gan áireamh, a bhfuilid a fíacla amhuil fíacla leomhuin, agus atáid fíacla carbaid leomhuin mhóir aige.

7 Do rinne sé mfíneamhuin na fásach, agus do bhean an chairt dom chrann fíge: do rinne sé lom go hiomlán é, agus do theilg úadh é; do rinneadh a géaga geal.

8 ¶ Caóidh do nós maighdine ar na gabháil a saiceadach ar son chéile a hóige.

9 Do gearradh a nofráil bhídh agus a nofrail dhighe ó thigh an TIGHEARNA; caóinid na sagairt, seirbhísigh an TIGHEARNA.

10 Atá an machaire na fhásach, do ní an talamh doilghios; óir do hanchaitheadh an tarbhar: do thiormaigh an fíon núadh, atá a nola ag cnaói.

11 Biodh náire oruibhsi, a fheara tighe; núalluigh, a lucht dheasuighthe na fíneamhna, ar son na cruithneachda agus ar son na héorna; do bhrígh gur mheath fóghmhar an mhachaire.

12 Do thiormaigh a nfíneamhuin súas, agus searguidh an crann fíge; an crann pomgranat, an crann pailme fós, agus a nabhall, eadhon do chríonadar, uile chrainn an mhachaire: do bhrígh gur chríon gáirdeachus ó mhacaibh na ndaóine.

13 Criosluighidh sibh féin, agus caóidhigh, a shagarta: núalluidhsi, a sheirbhísigh na haltóra: tigidh, luighidh ar feadh na hoidhche a saicéadach, sibhsi seirbhísigh mo Dhé: óir do congmhadh a nofráil bhídh agus a nofráil dighe ó thigh bhur Ndé.

14 ¶ Náomhuidhse troscadh, goiridh coimhthionól sollamonta, cruinnighidh na sinnsir, agus aitreabhuigh talmhan uile asteach a dtigh an TIGHEARNA bhur Ndía, agus éighidh chum an TIGHEARNA,

15 Mo thruáighe ar son an laói! óir atá lá an TIGHEARNA do lathair, agus tiucfa sé amhuil scrios ó Nuilechumhachdach.

16 Nach ar gearradh amach an biádh as coinne bhur súl, gáirdeochas fós, agus lúathgháir ó thigh ar Ndé?

17 Do lobh an síol fáoi na fóduibh, do fágbhadh na gairneal folamh, do briseadh sios na scióbóil; óir do chríon an tarbhar,

18 Ciondus osnadhuid na beathuigh! atáid na healbhadha airnéise buáidheartha, do bhrígh nach bhfuil beatha ar bioth aca; fós, do fágbhadh na tréuda cáorach áonranach.

19 O a TIGHEARNA, is chugadsa éighfios misi: óir do dhóith an teine inbheara a nfásuigh, agus do loisc an lasair uile chrainn an mhachaire.

20 Comhaircid fós beathaigh an mhachaire chugad: óir do tiormuigheadh súas aibhne na nuisgeadh, agus do dhóith an teine inbheara a nfásaigh.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí