Ióéil 1:20 - An Bíobla Naofa 1981 Fiú amháin beithígh an mhachaire féin tá siad ag tnúthán leat. Óir, tá na claiseanna uisce imithe i ndísc agus tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Comhaircid fós beathaigh an mhachaire chugad: óir do tiormuigheadh súas aibhne na nuisgeadh, agus do dhóith an teine inbheara a nfásaigh. |
Dúirt Acháb le hObaidiá: “Téanam, ní foláir dúinn an tír a chuardach idir thoibreacha agus ghleannta, le súil go bhfaighimis féar a choimeádfadh ár gcapaill agus ar miúileanna beo, agus nach gcaithfimis cuid dár stoc a mharú.”
Cé a dhéanann soláthar don bhadhbh, Nuair a scréachann a gearrcaigh chun Dé Agus a [scrogaill sínte] in airde acu le hocras?
Bíonn súile gach aon dúile ag feitheamh ortsa; agus tugann tú bia dóibh in am trátha.
Tugann sé a gcuid do na beithígh; agus beathaíonn gearrcaigh na bhfiach nuair a ghlaonn siad air.
Diúltaíonn an talamh aon toradh a thabhairt, mar ní raibh fearthainn ann; tá anbhá ar na treabhdóirí agus folaíonn siad a gceann.
Na fáithe a bhí ann romhamsa agus romhatsa anallód, rinne siad tairngreacht faoi chogadh, faoi ghorta, faoi phlá, in aghaidh mórán tíortha agus in aghaidh ríochtaí móra;
Cad é mar a chneadann na beithígh! Tá na sealbháin bó ar mire mar níl féarach ar bith acu; agus fiú amháin na tréada caorach féin tá aithne na héigne faighte acusan chomh maith.