Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 14:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Diúltaíonn an talamh aon toradh a thabhairt, mar ní raibh fearthainn ann; tá anbhá ar na treabhdóirí agus folaíonn siad a gceann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Do bhrígh go bhfuil an talamh scoilte, óir ní raibh fearthuinn ar bith san talamh, do bhí náire ar na treabhthairibh, agus dfóluigheadar a ccinn.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 14:4
10 Tagairtí Cros  

Beidh ort imeacht as an áit sin freisin agus do lámha ar do chloigeann agat, mar tá fir do dhóchais caite uaidh ag an Tiarna, agus ní dhéanfaidh tú biseach leo.”


Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna, agus nach raibh fearthainn an earraigh ann. Agus choinnigh tú go dána ort d'aghaidh striapaí, b'fhada uait lasadh agus náire.


Bíodh ceann faoi oraibhse, a fheirmeoirí! Déanaigí olagón, a shaothróirí fíniúna, faoin gcruithneacht agus faoin eorna mar tá fómhar na ngort millte.


Tá na síolta seargtha faoi na fóid agus na hiothlanna folamh agus na sciobóil scriosta mar gur mheath an t‑arbhar.


Mura n‑éisteann sibh liom dá ainneoin sin, déanfaidh mé sibh a phionósú arís faoi sheacht de bharr bhur bpeacaí.


Shiúil pobail dhá chathair nó trí chuig cathair eile ar lorg fíoruisce, agus níor mhúch siad a dtart; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.


agus liúfaidh siad: ‘Ruibh agus salann agus loscadh críche ar an bhfearann go léir! É gan cur gan toradh, gan féar ag fás go deo arís air! É millte mar Shodom agus Gomorá, Admá agus Zabóím, áiteanna a scrios an Tiarna le barr feirge agus díoltais.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí