Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Ióéil 1:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Cad é mar a chneadann na beithígh! Tá na sealbháin bó ar mire mar níl féarach ar bith acu; agus fiú amháin na tréada caorach féin tá aithne na héigne faighte acusan chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Ciondus osnadhuid na beathuigh! atáid na healbhadha airnéise buáidheartha, do bhrígh nach bhfuil beatha ar bioth aca; fós, do fágbhadh na tréuda cáorach áonranach.

Féach an chaibidil Cóip




Ióéil 1:18
10 Tagairtí Cros  

Dúirt Acháb le hObaidiá: “Téanam, ní foláir dúinn an tír a chuardach idir thoibreacha agus ghleannta, le súil go bhfaighimis féar a choimeádfadh ár gcapaill agus ar miúileanna beo, agus nach gcaithfimis cuid dár stoc a mharú.”


D'ofráil an rí Solamh agus Iosrael ar fad íobairtí os comhair na háirce, caoirigh agus daimh gan áireamh gan chuimse.


(Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.) De bhrí go n‑abrann siad: “Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”


Dá dheasca sin triomóidh an tír agus meathlóidh a gcónaíonn inti, mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir; agus fiú amháin éisc na farraige féin, rachaidh siad i léig.


Fiú amháin beithígh an mhachaire féin tá siad ag tnúthán leat. Óir, tá na claiseanna uisce imithe i ndísc agus tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh.


Agus dúirt sé: Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón, ag labhairt os ard ó Iarúsailéim. Tá féarach na n‑aoirí ruadhóite, agus mullach Chairmeil ag feo.


Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth; ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna; rachaidh de thoradh an chrainn olóige; ní thabharfaidh na goirt aon bhia; ní fhágfar caora sa chró nó bó ar bith sa bhuaile.


Sin é an fáth a gcoinníonn na spéartha thuas an drúcht uaibh agus a gceileann an talamh a chuid torthaí oraibh.


Is eol dúinn go ráibh an chruthaíocht go léir le chéile go dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí