Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 18:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Dúirt Acháb le hObaidiá: “Téanam, ní foláir dúinn an tír a chuardach idir thoibreacha agus ghleannta, le súil go bhfaighimis féar a choimeádfadh ár gcapaill agus ar miúileanna beo, agus nach gcaithfimis cuid dár stoc a mharú.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus a dubhairt Ahab ré Obadiah, Imthigh fan tir, go nuige gach áon tobar uisge, agus go nuige gach abhuinn: do bféidir go bhfaghmaois féur do choinneochadh ar neich agus ar múillidhe béo, go nach ccaillfeamois ar náirnéis uile.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 18:5
11 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, rug Obaidiá céad fáidh leis agus chuir i bhfolach iad, leathchéad díobh sa turas, agus bheathaigh sé iad le harán agus le huisce.


Roinneadar an tír eatarthu don chuardach; d'imigh Acháb bóthar amháin leis féin, agus d'imigh Obaidiá bóthar eile leis féin.


Cuireann tú an féar ag fás don bhólacht, agus luibheanna ar mhaithe leis an duine chun go mbaine sé arán as an talamh,


Cuireann na huaisle a gcosmhuintir faoi dhéin uisce, tagann siad chun na ndabhach, agus ní bhfaigheann uisce, filleann siad gona soithí folmha.


Cad é mar a chneadann na beithígh! Tá na sealbháin bó ar mire mar níl féarach ar bith acu; agus fiú amháin na tréada caorach féin tá aithne na héigne faighte acusan chomh maith.


Fiú amháin beithígh an mhachaire féin tá siad ag tnúthán leat. Óir, tá na claiseanna uisce imithe i ndísc agus tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh.


Ná bíodh eagla oraibhse ach oiread, a bheithíocha an mhachaire! Mar tá tailte féaraigh na steipeanna glas arís agus na crainn trom faoi thorthaí agus an crann fígí agus an fhíniúin ag tabhairt a gcuid saibhris uathu.


Shiúil pobail dhá chathair nó trí chuig cathair eile ar lorg fíoruisce, agus níor mhúch siad a dtart; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.


Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth; ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna; rachaidh de thoradh an chrainn olóige; ní thabharfaidh na goirt aon bhia; ní fhágfar caora sa chró nó bó ar bith sa bhuaile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí