Ansin rinne Dáiví a bhealach suas ar Shliabh na nOlóg; bhí sé ag caoineadh ar a thriall, a cheann clúdaithe agus a chosa nocht. Agus na daoine go léir a bhí ina chuideachta, bhí a gceann clúdaithe acu agus thaistil siad suas agus iad ag caoineadh ar an mbealach.
Ach tháinig racht feirge ar Eilíhiú mac Bharacael ó Bhúz, de chlann Rám. Bhí a racht dírithe ar Iób mar gur mheas seisean nárbh é Dia ach é féin a bhí sa cheart.
Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo. Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht go mbíonn díol a sáithe ag a gclann, agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.
Ina theannta sin chonaic mé an t‑ansmacht go léir a dhéantar abhus faoi luí na gréine: mar shampla, deora lucht fulaingthe an ansmachta agus gan aon duine ann chun iad a shólású, agus an chumhacht i lámha na ndaoine a imríonn ansmacht orthu agus gan aon duine ann chun fortacht a thabhairt dóibh.
Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: “Conas a chuirimid tuirse air?” Trína rá: “Cibé ar bith duine a dhéanann an t‑olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige”; nó: “Cá bhfuil Dia na córa?”