Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 9:13 - An Bíobla Naofa 1981

Ní fhéadfadh fiú dia a fhraoch a chloí Agus luigh lucht cúnta Ráhab faoina sháil.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Muna bhfilligh Día a fhearg, cromfuid luchd cuidigh a núabhair faói.

Féach an chaibidil



Iób 9:13
9 Tagairtí Cros  

Chiúnaigh sé an fharraige lena chumhacht, Agus threascair sé Ráhab lena éirim.


“Áireoidh mé Ráhab agus an Bhablóin ar lucht mo adhartha. Beidh Filistía agus an Tuír agus an Aetóip á n‑áireamh ina gclann aici.


Is agatsa atá ceannas ar fhraoch na farraige; is tú a chuireann cosc le tulca na dtonnta.


Óir tá cabhair na hÉigipte díomhaoin agus baoth; is é sin an fáth a dtugaim mar ainm uirthi: Ráhab na leisce.


Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill.


Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d'imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?