Íseáia 5:25 - An Bíobla Naofa 198125 Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)25 Uimesin atá fearg an TIGHEARNA ar naghnadh a naghaidh a phobail, agus do shín sé a lámh amach na naghaidh, agus do bhuail sé íad: agus do chriothnuigheadar na cnuic, agus do bhí a cconabluidhe réubtha annsna sráidibh. Ar a shon so uile níor iompoigh sé a fhearg dhíobh, acht atá a lámh sínte amach a ccomhnuidhe. Féach an chaibidil |
Dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus sín do lámh os cionn uiscí na hÉigipte ar fad, os cionn a n‑aibhneacha agus os cionn a gcanálacha, os cionn a mbogach agus os cionn a linnte i dtreo go ndéanfar fuil díobh go léir ar fud tír na hÉigipte, go fiú lán an tobáin agus an chrúsca.’ ”