Salm 87 - An Bíobla Naofa 1981Síón, Máthair na gCiníocha Uile 1 Salm chlann Chorach. Amhrán. 1 Salm chlann Chorach. Amhrán. 1 Is ionúin leis an Tiarna a chathair suite sna sléibhte. 2 Is ansa leis an Tiarna doirse Shíón na bothanna uile Iacóib. 3 Maítear nithe glórmhara i do thaobh, a chathair Dé! 4 “Áireoidh mé Ráhab agus an Bhablóin ar lucht mo adhartha. Beidh Filistía agus an Tuír agus an Aetóip á n‑áireamh ina gclann aici. 5 Agus beifear á rá faoi Shíón: Sí is máthair dó seo is dó siúd.’ ” Is é an Tiarna, an Té is Airde, a bhunaigh go daingean í. 6 Scríobhfaidh an Tiarna i leabhar na bpobal: “Rugadh iad uile san áit sin.” 7 Ag rince dóibh beidh siad ag canadh: “Níl foinse agam nach bhfuil ionatsa.” |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart