Ach d'fhreagair an rí: “Cá mbaineann sé liomsa agus libhse, a mhaca Zarúá. Má tá sé ag mallachtaigh mar go ndúirt an Tiarna leis: ‘Cuir mallacht ar Dháiví,’
Iób 9:12 - An Bíobla Naofa 1981 Féach! beireann sé creach leis, agus cé dhéanfaidh é a thoirmeasc? Cé a déarfaidh leis: “Cad tá á dhéanamh agat”? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Féuch, béiridh sé leis, cía fheadas a thoirmiosc? cía a déara ris, Cred ní tú? |
Ach d'fhreagair an rí: “Cá mbaineann sé liomsa agus libhse, a mhaca Zarúá. Má tá sé ag mallachtaigh mar go ndúirt an Tiarna leis: ‘Cuir mallacht ar Dháiví,’
á rá: “Tarrnocht a tháinig mé as broinn mo mháthar, Agus tarrnocht a fhillfidh mé inti arís. An Tiarna a bhronn orm, agus an Tiarna a rug uaim. Moladh le hainm an Tiarna.”
Óir is eol duit nach bhfuilim urchóideach, Agus nach bhfuil aon duine le fuascailt a dhéanamh as do láimh.
Má ghabhann sé thar bráid, agus braighdeanas a chur i bhfeidhm, Nó cúisiú go poiblí, cé a chuirfidh cosc leis?
Ach tá a rogha déanta aige, agus cé a d'fhéadfadh é a chur ar mhalairt treo? Cibé ní a bheartaíonn sé ina chroí, cuirfidh sé i gcrích é.
D'fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh; Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?” Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,
Ós rud é nach bhfuil dul thar fhocal an rí cé hé ar féidir dó a rá leis “Céard atá tú a dhéanamh?”
ó gheal an lá is mise é. Agus níl aon duine ann a bhogfaidh mo ghreim; déanaimse beart, agus cé chuirfeadh bac orm?
An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire, nó an próca le fear a dhealfa sa chré? An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?” An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?
“rí theach Iosrael, nach bhféadaimse a dhéanamh libhse mar a dhéanann an potaire seo? - an Tiarna a labhraíonn - Sea, faoi mar atá an chré i láimh an photaire, is mar sin atá sibhse i mo láimhse, a theach Iosrael.
An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’
Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n‑oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinne an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,