2 Samúéil 16:10 - An Bíobla Naofa 198110 Ach d'fhreagair an rí: “Cá mbaineann sé liomsa agus libhse, a mhaca Zarúá. Má tá sé ag mallachtaigh mar go ndúirt an Tiarna leis: ‘Cuir mallacht ar Dháiví,’ Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)10 Agus a dubhairt an rígh, Cred é dhamsa agus dáoibhsi, a chlann Sheruiah? marsin léigthear dhó mallughadh, do bhrígh go ndubhaírt an TIGHEARNA ris, Malluidh Dáibhí. Cía déaras ann sin, Cred fá ndéarna tú marso? Féach an chaibidil |
“Rud eile dhe, tá a fhios agat cad a rinne Ióáb mac Zarúá liom, agus cad a rinne sé le beirt cheannaire arm Iosrael, Aibnéar mac Néar agus Amásá mac Ieitir; conas mar a dhúnmharaigh sé iad; conas mar a rinne sé díoltas le linn síochána ar son fola a doirteadh le linn cogaidh; conas mar a smear sé crios mo choime agus cuaráin mo chos le fuil neamhchiontach.
Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’