Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 16:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 cén ceart atá ag aon duine a rá: ‘Cad chuige a ndearna tú seo?”’ Dúirt Dáiví le hAibísí agus lena chuid oifigeach go léir: “Ar ndóigh tá mo mhac féin, síol mo choirp, ag iarraidh mé a mharú anois. Cá hionadh, mar sin, gur mó a bheadh an Biniáimineach seo á iarraidh? Lig do a bheith ag mallachtaigh leis, más é sin an rud a dúirt an Tiarna leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus a dubhairt Dáibhi re Abisaí, agus ré na mhuinntir uile, Féuchaidh, atá mo mhac fein, noch thainic amach as minnighibh, ag íarruidh mo bháis: cá mheid ós a chionnsin anois dhéanas an Beniamiteach úd? leigidh dho, ná bacaidh dhe mallughadh; óir isé an TIGHEARNA a dubhairt ris é.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 16:11
14 Tagairtí Cros  

Agus féach! tháinig briathar an Tiarna chuige gan mhoill: “Ní hé an fear seo a bheidh ina oidhre ort. Beidh mac a ghinfear ó do leasracha féin ina oidhre ort.”


Anois, más ea, ná bíodh buaireamh ná fearg oraibh libh féin toisc mé a reic anseo, mar sheol Dia mise romhaibh chun sibh a choinneáil beo.


Tharla go raibh ropaire ansiúd darbh ainm Seaba mac Bhicrí, Biniáimineach; shéid sé an stoc agus dúirt: “Níl cuid againn i nDáiví, Níl oidhreacht againn i mac Ieise; téadh cách chun a bhotha, a Iosrael.”


dúirt an rí leis an bhfáidh Nátán: “Féach, táimse ag cur fúm i dteach céadrais, ach áirc Dé i mboth!”


Agus tharla agus é ag adhradh i dteampall a dhé féin Niosroc, gur mharaigh a mhic féin, Adraimeilic agus Seaireizir, é le faobhar claímh agus theith siad go tír Ararat. Tháinig a mhac Éasarchadon i gcomharbacht air.


Chuir an Tiarna aingeal uaidh amach a chuir chun báis na curaidh go léir, agus na ceannairí agus na hoifigigh i gcampa rí na hAsaíre. D'fhill sé agus náire shaolta air, abhaile ar a thír féin. Chuaigh sé isteach i dteampall a dhé, agus threascair cuid dá chlann mhac féin é le faobhar claímh.


Mallachtaídís! ach bíse dár mbeannachadh; go ndéantar mo naimhde a náiriú agus go ndéana do ghiolla gairdeas.


Má bhíonn an fáidh meallta, mise, an Tiarna, a mheall an fáidh sin; sínfidh mé amach mo lámh ina choinne agus scriosfaidh mé é as lár mo phobail, Iosrael.


Uime sin, thug mé reachtanna gan tairbhe dóibh agus deasghnátha nach dtabharfadh beatha dóibh.


Tabharfaidh an deartháir a dheartháir féin suas chun báis, agus an t‑athair a pháiste féin; éireoidh an chlann amach in aghaidh a dtuismitheoirí agus básóidh siad iad.


Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí