Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 16:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Dúirt Aibísí mac Zarúá leis an rí: “An bhfuilimid chun ligean don mhadra marbh seo bheith ag mallachtaigh ar mo thiarna, an rí? Lig dom dul anonn agus an ceann a bhaint de.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 ¶ Ann sin a dubhairt Abisai mhac Seruiah ris an rígh, Cred fá malluighionn an madradh marbhso mo thighearna an rígh? guidhim thú, léig dhamh dul anonn, agus a cheann do bhuáin de.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 16:9
13 Tagairtí Cros  

Óir is eol do do shearbhónta gur pheacaigh sé; seo anseo mé dá réir sin inniu, ar an gcéad duine de theaghlach Iósaef ar fad ag teacht anuas agus ag bualadh le mo thiarna an rí.”


Ansin labhair Aibísí mac Zarúá amach: “Nach gcuirfear Simeí chun báis de bhrí gur chuir sé a mhallacht ar ungthach an Tiarna?”


(Dhúnmharaigh Ióáb, agus a dheartháir Aibísí, Aibnéar mar gur mharaigh seisean a ndeartháir Asáhael sa chath ag Gibeón.)


Chuir caint seo Ís Bál cuthach feirge ar Aibnéar. “An ceann madra as Iúdá mé,” ar sé. “Seo mé anois ar mo dhícheall ar mhaithe le teaghlach Shóil, d'athair, a dheartháireacha, agus a chairde, gan tú a thabhairt i lámha Dháiví, agus anois seo tú do mo lochtú i dtaobh mná!


Thug Meirí Bál ómós dó: “Céard é do shearbhónta,” ar sé, “a rá go mbeadh do ghnaoi ar mhadra marbh mar mise.”


Na bí mall ag ofráil ó lánmhaire d'urláir bhuailte ná ó mhaol do chantaoir fhíona. Ofráil céadghinte do mhac dom chomh maith.


Ar a fheiceáil sin do na deisceabail, Séamas agus Eoin, dúirt siad: “A Thiarna, arbh áil leat go n‑ordóimis tine a theacht anuas ó neamh agus iad a scriosadh?”


D'fhreagair Pól: “Ní raibh a fhios agam, a bhráithre, gurb é an t‑ardsagart é, mar tá scríofa: ‘Ná habair aon drochní mar gheall ar phrionsa an phobail.’ ”


Tugaigí onóir do chách; bíodh grá agaibh don bhráithreacht; bíodh eagla oraibh roimh Dhia agus bíodh ómós agaibh don impire.


(Seanfhocal le sinsireacht é: ‘Tagann an urchóid ón duine urchóideach,’ ach ní leagfaidh mise lámh ort.)


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí