Fuasclaíonn sé an neamhurchóideach óna gcraos, Agus an bocht ó láimh an chumhachtaigh.
Iób 5:21 - An Bíobla Naofa 1981 Beidh tú i bhfolach ó sciúirse na teanga, Agus ní chuirfidh an [ropaire] scéin ort nuair a thiocfaidh sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Foileochthar thú ó sciúrsa na teangtha: ní mó bhías eagla an scriosta ort a nuáir thiucfas sé. |
Fuasclaíonn sé an neamhurchóideach óna gcraos, Agus an bocht ó láimh an chumhachtaigh.
Nach lánmhar an mhaitheas atá i dtaisce agat don dream lenarb eagal tú, a thugann tú don mhuintir a thriallann ort i bhfianaise na hÁdhamchlainne.
Folaíonn tú iad i do láthairse ó chúlghearradh daoine. Coimeádann tú slán i do bhoth iad ó chlampar teangacha.
Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh; go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta, go gcuire Dia chugam a bhuanghrá agus a dhílse.
Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra; ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.
Níl arm dá ndearna gabha a mbeidh aon mhaith leis i do choinne. Duine ar bith a chuireann cúis dlí ort, casfaidh tú an t‑éitheach lena bhéal. Sin mar atá i ndán do shearbhóntaí an Tiarna; sin mar a sheasfaidh mé a gceart dóibh, briathar an Tiarna.
“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”