Déanann sé an duine a cheartú le pianta ar a leaba, Nuair a bhíonn creathán gan stad ina chnámha,
Iób 4:14 - An Bíobla Naofa 1981 Tháinig scéin orm agus critheagla, Agus bhí mo chnámha go léir ar ballchrith. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tháinic eagla orum, agus crith, noch do chuir mo chnámha uile ar crith. |
Déanann sé an duine a cheartú le pianta ar a leaba, Nuair a bhíonn creathán gan stad ina chnámha,
I measc smaointe a rith chugam in aislingí oíche, Nuair a bhíonn daoine i dtoirchim suain,
Arsa mise: Is mairg dom, tá mé caillte, óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan, tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlan agus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.
Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.
Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo.
Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm á rá: “Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo;